Katrina vanden Heuvel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKatrina vanden Heuvel

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Deireadh Fómhair 1959
64 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Princeton
Trinity School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, eagarthóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileStephen F. Cohen (1988–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam vanden Heuvel  agus Jean Stein
SiblínWendy vanden Heuvel

IMDB: nm0381919 Twitter: KatrinaNation Cuir in eagar ar Wikidata

Is eagarthóir agus foilsitheoir Meiriceánach í Katrina vanden Heuvel, a rugadh 7 Deireadh Fómhair 1959. Tá sí ina foilsitheoir, ina páirtúinéir agus ina hiareagarthóir ar an iris fhorásach The Nation. Bhí sí ina heagarthóir ar an iris ó 1995 go 2019, nuair a tháinig DD Guttenplan i gcomharbacht uirthi. Is minic a bhíonn sí ina tráchtaire ar chláir teilifíse polaitiúla. Tá Vanden Heuvel ina ball den Chomhairle um Chaidreamh Eachtrach (Béarla:Council on Foreign Relations), meitheal smaointe neamhbhrabúis sna Stáit Aontaithe.Tá Duais Norman Mailer faighte aici.

Luathshaol agus oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Katrina vanden Heuvel i gCathair Nua-Eabhrac, iníon Jean Stein, ban-oidhre, údar sárdhíola, agus eagarthóir na hirise liteartha Grand Street; Ba é William vanden Heuvel a hathair, aturnae, iar-ambasadóir SAM, ball de riarachán John F. Kennedy, fear gnó agus údar.[1] Tá deirfiúr amháin agus beirt leasdeirfiúr aici. Ba iad a seantuismitheoirí ar thaobh a máthar bunaitheoir Music Corporation of America Jules C. Stein agus Doris Babbette Jones (Jonas ar dtús). Trína seanmháthair Doris Babbette Jones, tá gaol mar col ochtair i bhfad amach aici leis an aisteoir agus fear grinn George Jessel.[2] Her mother was from a Jewish family[3] Ba de theaghlach Giúdach a máthair agus ba de bhunadh Ísiltíreach agus Beilgeach a hathair.[4]


Bhain Vanden Heuvel céim amach ó Scoil na Tríonóide i 1977.[5] Bhain sí céim Baitsiléir Ealaíon summa cum laude san pholaitíocht ó Ollscoil Princeton i 1981 tar éis di tráchtas sinsearach a chríochnú dar teideal "American Victims:A Study of the Anti-Communist Crusade.[6] Le linn di a bheith ag Princeton, bhí sí ina heagarthóir agus ar deireadh mar phríomheagarthóir ar an Nassau Weekly, foilseachán scoile, agus bhí intéirneacht aici san iris National Lampoon i 1978.[1] D’oibrigh sí ansin mar chúntóir léiriúcháin ag ABC ar feadh dhá bhliain.[1]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named StangeOyster2011
  2. McDougal, Dennis (2001). "The Last Mogul: Lew Wasserman, MCA, and the Hidden History of Hollywood": 27, 412, 422f, and passim. Cambridge, Massachusetts: Da Capo. 
  3. The Last Mogul: Lew Wasserman, McA, and the Hidden History of Hollywood By Dennis McDougal p 27
  4. The Village Voice: "Vanden Heuvel: Horatio Alger in Upper Bohemia" October 27, 1960
  5. NYT Staff (December 5, 1988). "Ms. vanden Heuvel Is Wed". The New York Times. 
  6. Heuvel, Katrina Vanden (1982). "American Victims: A Study of the Anti-Communist Crusade".