Judge Dredd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is duine ficseanach é Judge Joseph Dredd a bhíonn le feiceáil i roinnt greannán, scannán agus físchluichí. Scaoileadh an chéad fhoilsiú den scannán Judge Dredd sa bhliain 1977. Ba é Rebellion Developments, sa Bhreatain, an teach foilsitheoireachta. Chruthaigh John Wagner agus Carlos Ezquerra Judge Dredd. Bhí Judge Dredd curtha in iúl i ndá scannán: Judge Dredd (1977) agus arís in Dredd (2012).

Is é Judge Dredd an breitheamh sa cheantar Mega City One. Ní obair éasca é sin in aon chaoi. Bíonn sé ag obair mar bhreitheamh agus ar an gcoiste cúirte. Is gluaisteánaí é Judge Dredd, tiománann sé rothar mótair darbhainm Lawmaster. Úsaideann sé gunnaí speisialta agus caitheann sé clogad.

Tá Judge Dredd ina chónaí i saol iar-apacailipteach. Tá an talamh lasmuigh de na cathracha raidighníomhach agus neamhthorhúil. Do cheann féin a chur i mbaol má chónaíonn tú i ngar do bhallaí na cathrach mar éireoidh tú tinn nó ciorraithe. Tá a lán coireachta i ngach cathair agus mar sin, ba chúis sin le cruthú na "Judges", Judge Dredd ina measc.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]