Juba

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilJuba

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 4°51′N 31°36′E / 4.85°N 31.6°E / 4.85; 31.6
Stát ceannasachan tSúdáin Theas
State of South Sudan (en) AistrighCentral Equatoria (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán459,342 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús8,833.5 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla52 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Níl Cuir in eagar ar Wikidata
Airde550 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1922
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Príomhchathair na Súdáine Theas in oirthuaisceart na hAfraice is ea Juba. Príomhchathair stát Equatoria Láir é Juba chomh maith. Tá Juba suite ar bhruach thiar na Níle i ndeisceart na tíre. Is é an chathair is mó sa tír agus 372,000 duine ina gcónaí ann (2011).

D'fhás an chathair as ionad trádála agus misean Críostaí a bunaíodh sa 19ú haois, agus go mórmhór as siopaí agus tithe na gceannaithe Gréagacha a sholáthraigh an t-arm Briotanach sna bólaí sin sa chéad leath den 20ú haois. D'fhág na Gréagaigh a rian ar ailtireacht na cathrach. Bhí daoine ón treibh Bari líonmhar ann freisin agus caidreamh maith acu leis na Gréagaigh. Níltear róshásta le Juba mar phríomhchathair, agus tá rialtas na tíre ag féachaint chun cathair phleanáilte a thógáil in áit níos oiriúnaí.