John Harries
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1785 Cwrt-y-cadno, Wales |
| Bás | 11 Bealtaine 1839 53/54 bliana d'aois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Haverfordwest Grammar School (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | astralaí, dochtúir leighis |
| Teaghlach | |
| Páiste | Henry Harries |
Ba dhraoi agus lia é John Harries. Rugadh sa bhliain 1785 é, i gCwrt-y-Cadno na Breataine Bige. Sráidbhaile beag i Sir Gaerfyrddin (Carmarthenshire) atá ann. Bhí clú agus cáil ar Harries ar fud na Breataine Bige. Bhí "leabhar draíochta" cáiliúil aige. Ba dhraoi é a mhac Henry Harries, a cailleadh sa bhliain 1849, chomh maith. Fuair John bás ar 11 Bealtaine 1839. Deirtear go raibh a fhios aige go bhfaigheadh sé bás an lá sin agus nár éirigh sé ar maidin toisc go raibh sé ag iarraidh é a sheachaint: dódh an teach áfach, agus cailleadh é.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- J. H. Davies, Rhai o Hen Ddewiniaid Cymru (1901).
- Kate Bosse Griffiths, Byd y Dyn Hysbys (Y Lolfa, 1977). Pennod: 'Llyfr Cyfrin y Dyn Hysbys'.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |