John Edwards
Is polaiteoir Meiriceánach de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh é John Edwards (ar 10 Meitheamh 1953 a rugadh é). Bhí sé ina Sheanadóir sna Stáit Aontaithe ar feadh téarma amháin le haghaidh Carolina Thuaidh, idir 1999 agus 2005. Le linn an toghcháin uachtaránachta i 2004, ba é Edwards iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh phost an Leas-Uachtaráin. Bhí Edwards ina iarrthóir d'ainmniúchán an pháirtí don uachtarántacht i 2008. Chuir Edwards béim ar throid in aghaidh na bochtaineachta agus tionchar lucht rachmais sna Stáit Aontaithe, chomh maith le seirbhís sláinte choiteann do chách. Cé nár éirigh lena fheachtas mar iarrthóir, deirtear go raibh tionchar aige ar pholasaithe na bpríomh-iarrthóirí eile, Barack Obama agus Hillary Clinton.
Tacú le Barack Obama
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 14 Bealtaine 2008, chuir John Edwards in iúl go poiblí go raibh sé ag tacú le Barack Obama mar iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh d'Uachtarántacht na Stát Aontaithe.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |