John Doherty

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Doherty

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1895
Ard an Rátha, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Eanáir 1980
84/85 bliana d'aois
Béal Átha Seanaidh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfidléir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
UirlisFidil

Musicbrainz: e7c5b698-0979-4eae-a07c-e054cfe7d121 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba fhidléir Éireannach é John Doherty (1900 – 26 Eanáir, 1980).[1]

Rugadh John Doherty in Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall. Rugadh é sa bhliain 1900, agus ba de chlann cháiliúil de chuid an lucht siúil é, daoine a d'oibrigh mar ghaibhne stáin agus mar thrádálaithe capall. Thángthas ar a theastas breithe le blianta beaga anuas, agus tuigtear uaidh sin gur sa bhliain 1900 a rugadh é, in áit 1895, rud a ndearnadh taifead go hearráideach de i roinnt foilseacháin éagsúla. Fidléir a bhí in athair s'aige, Mickey Mór, fosta, agus bhí cúpla duine eile dá chuid deartháireacha agus dá chuid deirfiúracha a bhí ábalta ar an fhidil a bhualadh. Phós Mickey Mór Mary McConnell, amhránaí (a raibh cáil ar a deartháireacha Alec agus Mickey mar cheoltóirí i nDeisceart Dhún na nGall). Bhí naonúr páistí acu, agus ba é John an duine ab óige sa chlann. In agallamh a rinne sé sna 1970idí dúirt sé go raibh air a bheith ag cleachtadh i scioból nuair a bhí sé ina dhéagóir, nó ní raibh cead aige an fhidil a bhualadh i gcomhluadar a thuismitheoirí go dtí go raibh máistreacht aige ar "Bonny Kate". Chuala sé taifeadtaí de James Scott Skinner agus rinne sé aithris ar an stíl a bhí aige. Bhí sé de nós ag a dheartháir, Mickey, an fhidil a bhualadh i stíl a bhí cosúil leis an stíl a bhí ag Michael Coleman. Rinneadh taifeadtaí de Mickey fosta, agus tá sé le cluinstin ar an albam "The Gravel Walks".

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Leabhar: "Between the Jigs and the Reels" le Caoimhín Mac Aoidh (1994)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]