Joey Tribbiani
Carachtar is ea Joseph Francis "Joey" Tribbiani, Jr. sa tsraith teilifíse Mheiriceánach Friends agus Joey. Tá sé léirithe ag Matt LeBlanc. Duine de seisear phríomhcharachtar (Monica Geller, Phoebe Buffay, Rachel Green, Chandler Bing agus Ross Geller na cúig charachtar eile). Chonacthas é ar an teilifís den chéad uair nuair a craoladh Friends den chéad uair ar 22 Meán Fómhair, 1994.