Joey Merlino

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJoey Merlino

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Márta 1962
62 bliana d'aois
Philadelphia, Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdrongadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
AthairSalvatore Merlino
Ciontaíodh icambheart Cuir in eagar ar Wikidata

Is drongadóir Meiriceánach-Iodálach é Joseph Salvatore "Skinny Joey" Merlino (rugadh 13 Márta, 1962) agus tá cáil air mar cheann feadhna de theaghlach coireachta Philadelphia.[1] Más fíor, tháinig sé i gcumhacht i lár na nóchaidí tar éis dó cogadh a throid ar son rialú na heagraíochta coiriúla. Threoraigh sé an teaghlach coireachta i gcearrbhachas, in iasachtú airgid, i ngáinneáil ar dhrugaí, agus i sracaireacht.[2] I gcomparáid le ceannairí traidisiúnta eile a sheachain an phoiblíocht, d’idirghníomhaigh Merlino go rialta leis na meáin agus leis an bpobal, go minic ag soláthar carthanachta go hoscailte agus ag óstáil imeachtaí ar mhaithe le daoine dúchasacha in Philadelphia, ag tarraingt comparáidí leis an saoiste coireachta i Nua-Eabhrac John Gotti.[3][4] Is mac é leis an bhfocheannasaí ón teaghlach coireachta Philadelphia Chuckie Merlino atá básaithe.

Le cabhair ó cheann feadhna a bhí ina bhrathadóir ag na póilíní Ralph Natale, ciontaíodh Merlino i roinnt cúisimh RICO lena n-áirítear cambheartaíocht, cearrbhachas mídhleathach, agus sracaireacht, in 2001, agus gearradh 14 bliana sa phríosún air.[5] Ó scaoileadh saor ón bpríosún é in 2011, creideann an FBI agus tuairisceoirí coiriúlachta eagraithe go leanann sé ar aghaidh i mbun an Mhafia Philadelphia-South Jersey. Séanann Merlino é seo, ag rá go bhfuil sé scortha ó shaol na coireachta. Ó 2015, roinneann Merlino a chuid ama idir Florida Theas agus Philadelphia.[6][7][8]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Merlino ar 13 Márta, 1962, i Philadelphia do thuismitheoirí Iodálacha-Mheiriceánach Salvatore "Chuckie" Merlino agus Rita Giordano.[9] Tógadh Merlino i Philadelphia Theas agus Ventnor City, New Jersey.[10] Is nia é freisin le Lawrence “Yogi” Merlino nach maireann, drongadóir de theaghlach coireachta Philadelphia, a bhí ina fhinné rialtais. Bhí deirfiúr Joey, Maria, geallta ar feadh tamaill le Salvatore Testa.

Bhí sé cairdiúil le fear déanta (Béarla: made man) i dteaghlach coireachta Philadelphia Michael "Mikey Chang" Ciancaglini agus a dheartháir Joseph "Joey Chang" Ciancaglini Jr., ó d'fhreastail sé ar bhunscoil St Thomas Aquinas i gcomharsanacht Point Breeze, Philadelphia. Bhí an 9M Bar i Southwark ag athair Mherlino agus a d'úsáid Nicky Scarfo mar a cheanncheathrú coiriúil le linn dó iarracht a dhéanamh a bheith ina shaoiste nua ar theaghlach coireachta Philadelphia.[11]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Brown (2012-10-02). "Boca Return: Is Joey Merlino back in charge?". The Miami Herald. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-04-11. Dáta rochtana: 2013-02-16.
  2. Anastasia (August 4, 2016). "Joey Merlino arrested in major mob bust". PhillyVoice. Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 8, 2021. Dáta rochtana: February 5, 2017.
  3. Joseph Merlino: The mobster next door | Miami Herald”. Miami Herald. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-08. Dáta rochtana: 2017-10-05.
  4. Kent (October 28, 2001). "IN PERSON; The Mouthpiece". The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 8, 2021. Dáta rochtana: October 3, 2019.
  5. 'Skinny Joey' Merlino released from prison”. Philly.com. Laura McCrystal. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-12. Dáta rochtana: 12 March 2016.
  6. Merlino's Restaurant”. Merlino's. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 January 2021. Dáta rochtana: 12 March 2016.
  7. "Philly Mobster Merlino Now a Florida Maitre D'". Thomas Fitzgerald (November 23, 2014). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 January 2021. Dáta rochtana: 12 March 2016.
  8. Merlino's back story as big as its food”. South Florida.com. John Tanasychuk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 12 March 2016. Dáta rochtana: 12 March 2016.
  9. "Obituary for SALVATORE MERLINO". Philadelphia Daily News. newspapers.com (October 22, 2012). Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 8, 2021. Dáta rochtana: September 28, 2020.
  10. McGarvey. “Sins of the Fathers”. Citypaper.net. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-01-22. Dáta rochtana: 2016-01-22.
  11. Archived copy”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-08. Dáta rochtana: 2018-03-14.