Jú-Jiotsú Brasaíleach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ealaín chomhraic, nó cluiche comhraic, bunaithe ar corraíocht agus greamanna géilleadh é jú-jiotsú Brasaíleach (JJB). Cuirtear béim i jú-jiotsú Brasaíleach ar conas céile comhraic a chur chun talamh, smacht a chur orthu agus iad ann, suíomh in uachtar a bhaint amach, agus géilleadh a bhuachaint ó chéile comhraic ag baint úsáid as tachtadh nó ceangal ailt.[1]

D'fhorbraíodh jú-jiotsú Brasaíleach sna 1920idí le deartháireacha Brasaíleach Carlos, Oswaldo, Gastão Jr., George, agus Hélio Gracie. Bhí Carlos Gracie tar éis Júdó a fhoghlaim ó shaineolaí Júdó Seapánach, Mitsuyo Maeda i 1917. D'fhorbraíodh na deartháireacha córas nua féinchosanta níos déanaí thug siad an t-ainm Jú-Jiotsú Gracie air.[2]

Sa deireadh, tháinig jú-jiotsú Brasaíleach (JJB) chun cinn mar spórt ar leith cé go raibh sé bunaithe ar júdó le dul chun cinn trí athraithe ar na bealachaí agus rialacha a bhí ann ag an am. Thar ama, d'éiríodh le JJB mar pháirt lárnach i bhforbairt na healaíona comhraic measctha. Bíonn comórtais JJB ar siúl ar fud na cruinne faoi údarás an IBJJF (Cónascadh Idirnáisiúnta an Jú-Jiotsú Brasaíleach) agus boird rialaithe eile.

An coincheap lárnach atá ag JJB ná gur bhféadfaí le duine atá níos laige agus níos lú an lámh in uachtar a fháil thar céile comhraic atá níos mó, níos láidre, agus níos troime trí úsáid an luamháin, dáileadh meáchain, agus ceardaíocht.[2] Úsáidtear JJB mar spórt comhraic agus mar chóras féinchosanta. Feictear ar spairníocht agus cleachtadh le páirtnéar gníomhach mar páirt tábhachtach i dtraenáil JJB. Cuireann JJB sláinte coirp agus intinne go mór chun cinn.[3]

  1. CNN, Yahoo! Sports, F. O. X. Sports, ESPN StarSports (2015-05-06). "9 Reasons Why Brazilian Jiu-Jitsu Is The Perfect Martial Art - Evolve Daily" (en-US). Evolve MMA Singapore. Dáta rochtana: 2021-02-17.
  2. 2.0 2.1 CNN, Yahoo! Sports, F. O. X. Sports, ESPN StarSports (2017-12-21). "The History And Origins Of Brazilian Jiu-Jitsu - Evolve Daily" (en-US). Evolve MMA Singapore. Dáta rochtana: 2021-02-17.
  3. "Brazilian jiu-jitsu" (as en) (2021-02-14). Wikipedia.