Ivy Alvarez

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaIvy Alvarez

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithNa hOileáin Fhilipíneacha Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Tasmáine Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Twitter: IvyAlvarez Cuir in eagar ar Wikidata

File, eagarthóir agus léirmheastóir ó na hOileáin Fhilipíneacha a tógadh san Astráil is ea Ivy Alvarez.[1][2]

Rugadh Alvarez sna hOileáin Fhilipíneacha agus d’fhás sí aníos sa Tasmáin. Nuair a bhí sí ag déanamh staidéar ar an mBéarla in Ollscoil na Tasmáine bhí dánta léi á bhfoilsiú in irisí liteartha agus i ndíolamaí. Ceapadh í mar eagarthóir léirmheastóireachta Cordite Poetry Review, iris ar líne san Astráil.[1]

Tá sealanna caite aici thar lear de bharr a cuid filíochta. Bhí sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath sna blianta 2003 agus 2004 agus baint aici le clár filíochta ann, agus d’aistrigh sí go Caerdydd in 2004.[1] Fuair sí comhaltachtaí ó MacDowell Colony (New Hampshire, SAM) agus Hawthornden Castle in Albain in 2005.[1] In 2006 fuair sí deontas filíochta ó Bhord Litríochta Chomhairle na hAstráile, príomhfhoras na n-ealaíon.[1] Bhí sí ina léachtóir cuartaíochta in Ollscoil Chester in 2010.[3] Is minic í ina haoi ag féilte scríbhneoireachta san Astráil.

I dteannta a cuid filíochta, scríobhann sí drámaí, ailt agus léirmheasanna.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Novel in verse

  • Disturbance (Seren Books, 2013)

Poetry collections

  • Food for Humans (Melbourne: Slow Joe Crow Press, 2002)[4]
  • catalogue: life as tableware (Wales: The Private Press, 2004)[5]
  • What's wrong (Wales: The Private Press, 2004)[5]
  • Mortal (Washington, DC: Red Morning Press, 2006)
  • One Dozen Poison Hay(na)ku (2013)
  • The Everyday English Dictionary (Paekakariki Press, 2016)

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Priscelina Patajo-Legasto (2010). "Philippine Studies: Have We Gone Beyond St. Louis?": 631–632. The University of the Philippines Press. 
  2. "Ivy Alvarez". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-01-24. Dáta rochtana: 2019-12-27.
  3. Staff "Oz-Ko Tour(s) – OZ-KO TOUR OF KOREA (MAY 2011)" Curtha i gcartlann 2012-02-04 ar an Wayback Machine Cordite Poetry Review.
  4. Ivy Alvarez (2002). "Food for humans". Slow Joe Crow Press. 
  5. 5.0 5.1 Ivy Alvarez (2004). "Catalogue: life as tableware". Private Press.