Iseabail NicCailein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaIseabail NicCailein
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileWilliam Drummond, Máistir Drummond Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteWalter Drummond, Andrew Drummond Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCailean Caimbeul, 1ú Iarla Earra Ghàidheal  agus Isabel Stewart

Bean uasal agus file i gcúirt Inbhir Aora ab ea Iseabail NicCailein, Cuntaois Earra-Ghàidheal (fl. 1500). Rugadh í c. 1499 do Ghilleaspuig, an dóú hIarla Earra-Ghàidheal (a maraíodh ag Cath Flodden sa bhliain 1513), agus d'Ealasaid Stiùbhart. Phós sí an dóú hIarla Chaiseil (Cassillis), fear a maraíodh ag Preastabhaig sa bhliain 1527.[1][2]

Scríobh Iseabail i nGaeilge liteartha a linne, canúint a bhí ina teanga choiteann ag lucht léinn na hAlban agus na hÉireann. Tá trí dhán léi le fáil i Leabhar Dheaghan Leasa Mhòir: 'Atá fleasgach ar mo thí', 'Éistibh, a lucht an tighe-se' agus 'Is mairg dá ngalar an grádh':

Mairg darab galar an grádh
gibé fáth fá n-abraim é;
is deacair sgaradh re a páirt;
truagh an cás a bhfuilim féin... [3]

Tugann an t-údar le fios sa dán Éistibh, a Luchd an Tighe-se go bhfuil méid agus cumhacht faoi leith ag bhod sagairt an tí cúirte. Cé go bhfuil sé ráite ag scoláirí áirithe nach cinnte gurb í Iseabail a chum an dán gáirsiúil seo, maítear freisin nach bhfuil bunús leis an amhras sin.[4]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Lady Isabel Campbell (b. 1499): http://familytreemaker.genealogy.com/users/r/o/b/Jimmie-Lee-Robbins-MS/WEBSITE-0001/UHP-0075.html Curtha i gcartlann 2014-10-22 ar an Wayback Machine
  2. George Henderson: ‘The Literature of the Highlands 1500 – 1745’: Electric Scotland http://www.electricscotland.com/history/home9.htm
  3. Ó Rathile, Tomás. Uimhir 54, Dánta Grádha. Cló Ollsgoile Chorcaí 1976 (an tríú heagrán). ISBN 0-902561-09-X
  4. Clancy 1996.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Quiggin, E.C. (1937). Poems from the Book of the Dean of Lismore. Cambridge University Press.
  • Clancy, Thomas Owen, 'Women Poets in Early Medieval Ireland: Stating the Case' in C.E. Meek & M.K. Simms (eag.), The Fragility of her Sex, Four Courts Press, 1996
  • Dorgan, Theo & Malcolm Maclean (eag.) (2008). An Leabhar Mór/The Great Book of Gaelic. O'Brien Press.