Ionsaí Stócólm 2017

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí Stócólm 2017
Íomhá
Map
 59°19′58″N 18°03′44″E / 59.33272°N 18.06219°E / 59.33272; 18.06219
Cineálvehicle-ramming attack (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deterrorism in Sweden (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana7 Aibreán 2017 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhNorrmalm, An tSualainn (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Stockholm Municipality, An tSualainn (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna4 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe15 Cuir in eagar ar Wikidata
Armtrucail Cuir in eagar ar Wikidata

Ar an 7 Aibreán 2017, tharla ionsaí sceimhlitheoireachta i lár Stócólm, príomhchathair na Sualainne. Fuadaíodh leoraí agus tiomáineadh é d'aon turas isteach sna sluaite ar Drottninggatan (Sráid na Banríona) sular tuairteáladh isteach i siopa ilranna Åhléns é. Maraíodh cúigear, cailín aon bhliain déag d’aois ina measc, agus gortaíodh 14 duine eile go dona.

Ba é Rakhmat Akilov, iarrthóir tearmainn diúltaithe agus saoránach den Úisbéiceastáin, a rinne an t-ionsaí. Gabhadh roinnt uaireanta an chloig níos déanaí é. Thug sé dílseacht don Stát Ioslamach i bhfíseán féintaifeadta an lá roimh an ionsaí, agus dúirt údaráis na hÚisbéiceastáine go ndeachaigh sé isteach sa ghrúpa. Ciontaíodh Akilov as coireanna dúnmharaithe agus sceimhlitheoireachta, agus cuireadh pianbhreith saoil air agus, dá scaoilfí saor é, é a chur ar ionnarbadh go dtí an Úisbéiceastáin agus a dhíbirt ar feadh a shaoil ón tSualainn.