Ionsaí scine Stockport, 2024
| ||||
Cineál | mass stabbing (en) | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 29 Iúil 2024 | |||
Suíomh | Southport, England | |||
Tír | an Ríocht Aontaithe | |||
Is cúis le | círéibeacha sa Ríocht Aontaithe 2024 | |||
Líon básanna | 3 | |||
Líon gortaithe | 10 | |||
Ar an 29 Iúil 2024, tharla ionsaí scine inar maraíodh triúr cailíní óga agus inar gortaíodh deichniúr eile. Cuireadh tús le hagóidí agus círéibeacha frith-inimirce timpeall na Ríochta Aontaithe sna laethanta ina dhiaidh sin. Scaipeadh go leor frithfhaisnéise faoin gcás agus maíodh gur Mhoslamach a rinne an marú, rud nach raibh fíor.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na páistí i Southport ag glacadh páirt i rang damhsa "Taylor Swift" nuair a ionsaíodh iad go gairid roimh an meán lae. Maraíodh Bebe King, sé bliana, Elsie Dot Stancombe, seacht mbliana, agus Alice Dasilva Aguiar, a bhí naoi mbliana. As an deichniúr a gortaíodh, bhí cúigear páistí agus beirt daoine fásta a fágadh go han-dona tinn. Gortaíodh na daoine fásta agus iad ag iarraidh na leanaí a chosaint.[1]
Tugadh ógánach seacht mbliana déag, Axel Muganwa Rudakubana, os comhair cúirte i Learpholl ar an 1 Lúnasa agus é cúisithe i dtriúr cailíní óga a dhúnmharú. In Caerdydd sa Bhreatain Bheag a rugadh é agus bhí sé ina chónaí i sráidbhaile Banks ó thuaidh ó Southport.[2]
De bhunadh Ruanda ba ea tuismitheoirí Rudakubana. Tharla círéibeacha frith-inimirce timpeall na tíre sna laethanta i ndiaidh na maruithe, i mBéal Feirste chomh maith.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2024-07-30). "Ógánach fós á cheistiú faoi leanaí a mharú, a ghortú in Southport" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-08-01). "Ógánach os comhair cúirte faoi leanaí a dhúnmharú" (as ga-IE).
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (7 Lúnasa 2024). "Ná ligimis d’aon dream normalú a dhéanamh ar an bhfuath" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-07.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |