Ionsaí Nice, 2016
| |||||
| Cineál | dúnmharú líonmhar vehicle-ramming attack (en) ionsaí sceimhlitheoireachta eirleach | ||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cuid de | sceimhlitheoireacht sa Fhrainc agus sceimhlitheoireacht Ioslamach sa Eoraip | ||||
| Dáta na bliana | 14 Iúil 2016 | ||||
| Suíomh | Promenade des Anglais, An Fhrainc | ||||
| Tír | an Fhrainc | ||||
| Teanga an tsaothair nó an ainm | an Pholainnis | ||||
| Sprioc | sibhialtach | ||||
| Cúis | antoisceachas Ioslamach | ||||
| Is cúis le | international reactions to the 2016 attack in Nice (en) | ||||
| Íospartach | Emmanuel Grout | ||||
| Líon básanna | 87 | ||||
| Líon gortaithe | 434 | ||||
| Déantóir na coire | Mohamed Lahouaiej-Bouhlel | ||||
| Arm | arm tine | ||||
Ar an 14 Iúil 2016, maraíodh 84 duine agus gortaíodh os cionn 100 eile mar thoradh ar ionsaí ar shlua daoine a bhí ag ceiliúradh Lá Bastille i gcathair Nice i ndeisceart na Fraince[1].



Thiomáin fear an leoraí ar ardluas isteach sa slua ollmhór a bhí bailithe ag taispeántas tinte ealaíne ar Promenade des Anglais sa chathair. Tharla an t-ionsaí ar stráice dhá chiliméadar den Promenade des Anglais.

D'éirigh leis na póilíní tiománaí an leoraí a mharú[2].
Fear 31 bliain d'aois (Mohamed Lahouaiej-Bouhlel) de bhunadh na Túinéise a thiomáin an leoraí ar ardluas tríd an slua. Bhí sé ina chónaí sa bhFrainc le 10 mbliana. Fuarthas gunnaí agus gránáidí sa leoraí agus bhí airm ar iompar ag an tiománaí.
Bhí deichniúr páistí i measc na ndaoine a mharaigh Mohamed Bouhlel.[3]
Cuntas finné súl
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá balla tógtha ar thaobh an bhóthair. Ar thaobh amháin den bhalla tá radharc na farraige agus trá lán le cathaoireacha agus scáthanna gréine. Ach ní hionann an scéal ar an taobh eile den bhalla. Coinnle agus bláthanna curtha i mullach smál fola, ceann i ndiaidh a chéile. Sonas agus sléacht taobh le taobh.
Bhí tuismitheoirí agus teaghlaigh eile ag cur póstaer in airde ar chuaillí an promenade. Aghaidheanna éagsúla daoine d’aoiseanna éagsúla as tíortha éagsúla agus iad uilig ar iarraidh i ndiaidh an ionsaithe.
D’fhág roinnt acu nótaí agus teachtaireachtaí ina ndiaidh. ‘Bhíodh milseáin á ndíol anseo. Maraíodh go leor ar an spota seo, páistí ina measc. Tháinig muidne slán’. Ar phíosa eile den chosán, bhí blaincéad beag bán leagtha síos go cúramach ar an talamh agus rósanna, coinnle agus teidithe ina luí air. Scríofa air bhí ‘Milan, dhá bhliain d’aois.’
Sheas beirt chailíní óga ag amharc ar áit amháin a raibh bláthanna leagtha síos. Bhí greim láimhe acu ar a chéile agus iad ag caoineadh go ciúin. Bhí a dhroim ag fear eile leis an láthair. Sheas sé in éadan na ráillí ar thaobh an chosáin, a cheann cromtha agus é ag screadach go hard.
Bhí tuismitheoirí agus teaghlaigh eile ag cur póstaer in airde ar chuaillí an promenade. Aghaidheanna éagsúla daoine d’aoiseanna éagsúla as tíortha éagsúla agus iad uilig ar iarraidh i ndiaidh an ionsaithe.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ RTÉ (15 Iúil 2016). "83 maraithe".
- ↑ Le Figaro (15 Iúil 2016). "Attentat de Nice : le bilan grimpe à 84 morts".
- 1 2 Caoimhe Ní Chonchoille (18 Iúil 2016). "TUAIRISC Ó NICE: ‘Maraíodh go leor ar an spota seo, páistí ina measc. Tháinig muidne slán’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-07-14.
