Inscne sa Ghaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is inscne sa Ghaeilge ann ná an roinnt a dhéantar idir ainmfhocail fhirinscneacha agus bhaininsneacha, mar a tharlaíonn i dteangacha go leor. Baineann an difear le móirfeolaíocht na bhfocal. Is féidir a dhéanamh amach cé na hathruithe gramadaí a dhéanfar ar fhocal bunaithe ar a inscnce. Bhíodh an tríú inscne, inscne neodrach, ann sa tSean-Ghaeilge.

Dáileadh inscne in ainmfhocail na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thart ar 63% de na focail ar liosta GaelSpell atá firinscneach dar le taighde a rinne Caoimhín Ó Scanaill. Is seiceálaí litrithe é GaelSpell a bhfuil 30,000 ainmfhocal ann. Timpeall is 62.5% de na hainmfhocail a bhí firinscneach sa chorpas parsáilte a rinne an Dr. Teresa Lynn agus tugann sé seo léiriú ar dháileadh inscní sa ghnáthúsáid, nó mar atá léirithe sa chorpas féin, ar a laghad. 65.3% atá firinscneach agus 34.6% atá baininsneach san Fhoclóir Beag.