Inbhir Chèitinn
Cuma
(Athsheolta ó Inbhir Chéitinn)
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
| Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | |||
| Limistéar comhairle in Albain | Fìobha | |||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 4,890 (2016) | |||
| Tíreolaíocht | ||||
| Airde | 23 m | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Cód poist | KY11 | |||
| Glaochód | 01383 | |||
Is baile cósta, paróiste agus seanbhuirg ríoga é Inbhir Chèitinn suite i gComhairle Fhìobha. Tá an baile suite ar chósta thuaidh na Linne Foirthe, 15.5 km siar ó thuaidh ó lár chathair Dhùn Èideann agus 5.5 km ó dheas ó Dhún Fearmhain.
Rinneadh Inbhir Chèitinn ina lárionad tábhachtach trádála le linn na Meánaoise agus bronnadh stádas na Buirge Ríoga air faoin mbliain 1161. Ba é áit chruinnithe Pharlaimint na hAlban é sa bhliain 1354 agus Coinbhinsiún na mBuirgí Ríoga ó 1487 go 1552.[1][2] Ba rannpháirtíocht lárnach i gCogaí na dTrí Ríocht é Blàr Inbhir Chèitinn sa bhliain 1651. I ndiaidh na Réabhlóide Tionsclaíche, d'fhorbair Inbhir Chèitinn tionscail lena n-áirítear cairéalú, longscartáil agus muilleoireacht pháipéir.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Records of the Parliaments of Scotland". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2026-01-16. Dáta rochtana: 2026-08-08.
- ↑ Mackay, J. (1884). "The Convention of Royal Burghs of Scotland, From its Origin down to the Completion of the Treaty of Union between England and Scotland in 1707". Edinburgh: Co-operative Printing Co. Ltd. OCLC 555323637.
- ↑ Simpson, Anne Turner (1981). "Historic Inverkeithing The Archeological Implications of Development": 4. Glasgow: Scottish Burgh Society.
