Impireacht na Péine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Leabhar le Patrick Radden Keefe is ea Impireacht na Péine: Stair Rúnda na Clainne Sackler. (Béarla:Empire of Pain: The Secret History of the Sackler Dynasty). Scrúdaíonn an leabhar stair mhuintir Sackler, lena n-áirítear bunú Purdue Pharma, a ról i margaíocht na cógaisíochta, agus ról lárnach an teaghlaigh san eipidéim ópóideach.[1] [2] [3]

Tháinig an leabhair seo amach ina dhiaidh ailt a scríobh Keefe sa bhliain 2017, faoi theaghlach Sackler san The New Yorker, dar teideal The Family That Built an Empire of Pain. [4][5]

Gearrchuntas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba leanaí iad Arthur, Mortimer, agus Raymond Sackler d’inimircigh Ghiúdacha a tógadh i mBrooklyn. Rinneadh dochtúirí leighis ar an triúr deartháireacha ach léirigh an mac ba shine Arthur tallann ar leith san fhógraíocht, ag comhcheangal a phaisin trí pháirt a ghlacadh, agus níos déanaí ina húinéir ar an chomhlacht William Douglas McAdams Inc., gnólacht fógraíochta a láimhseáil go heisiach cliaint leighis agus a bhí i gceannas ar modhanna chun cógais a fhógairt go díreach do dhochtúirí. In ainneoin go raibh go leor choimhlintí leasa ann bhí Arthur in ann na ceangailn seo a choinneáil faoi cheilt trí a dheartháireacha, a chairde agus a iarbhean chéile a fhágáil mar cheannairí do chomhlachtaí éagsúla. De réir mar a lean Arthur air ag cur lena fhortún, tosaíonn sé féin agus a dheartháireacha níos óige ag déanamh ranníocaíochtaí daonchairdiúla tábhachtacha, ag bronnadh airgid ar mhúsaeim agus ar scoláireachtaí. Sa deireadh thit na deartháireacha amach lena chéile; nuair a fuair Arthur bás sa bhliain 1987, fágadh a oidhreacht chasta ag oidhrí iolracha lena n-áirítear a dheartháireacha, a bhean chéile, iarbhean chéile agus a cheathrar leanaí. Cothaigh an troid chun na sócmhainní a roinnt nimh san fheoil eatarthu, nuair a d'aontaigh a leanaí a gcuid scaireanna a dhíol i Purdue Frederick, déantúsóir beag drugaí, do Mhortimer, agus Raymond Sackler.

Rinne Mortimer agus Raymond Sackler infheistíocht i dtaighde ar ópóidí agus gnóthaíodh Oxycodone dá n-infheistíocht i dtaighde ar deireadh thiar. De réir mar a chuaigh níos mó de Mortimer agus Raymond Sackler isteach ar an mbord ag Purdue Frederick, d'fhorbair an teaghlach fórsa díolacháin chun Oxycodone a dhíol, ag baint úsáide as teicníochtaí a bhunaigh Arthur chun tionchar a imirt ar pholaiteoirí, oifigigh rialtais agus dochtúirí, chun an piolla a cheadú.

D’éirigh láithreach lena ndruga nua ach beagnach chomh gasta sin thosaigh úsáideoirí ag mí-úsáid an druga. Sa bhliain 2010 scoir an chuideachta a leagan tosaigh den druga agus rinne siad leagan a bhí dodhéanta a bhrúscadh; ba é an toradh a bhí air seo ná titim 25% ar dhíolacháin agus ardú ar úsáid hearóine a d’fhéadfaí a mhaíomh go raibh sé seo de bharr mí-úsáid ópóidí. De réir mar a thosaigh cásanna dlí i gcoinne Purdue Frederick ag éirí níos minice, rinne an teaghlach Sackler iarracht iad féin a chosaint ón druga ó thaobh airgid agus poiblíochta de. Dhiúltaigh na Sacklers go léir dul faoi agallaimh agus vótáil na Sacklers ar bhord na cuideachta arís agus arís eile chun bónais ollmhóra airgeadais a thabhairt dóibh féin.

Teistíocht 8 n-uaire an chloig Richard Sackler sa bhliain 2015 faoi ról a mhuintire sa ghéarchéim opióideach sna Stáit Aontaithe.

Faoi 2017, mar thoradh ar shraith alt a nasc na Sackler le Oxycodone chomh maith le feachtas poiblí ag an ngrianghrafadóir Nan Goldin chun na Sacklers a nascadh leis an ngéarchéim opióideach, da bharr sin tosaíodh ag náiriú chlú na Sackler, le go leor iarsmalann agus ollscoileanna ag diúltú bronntanais airgeadais ó na Sackler.

Faoi dheireadh, cé gur tugadh cás in éadan na Sacler, dhearbhaigh siad go raibh siad bancbhriste, ag ceangail a n-airgeadas pearsanta le rathúnais Purdue Frederick, agus sa deireadh d’éirigh leo éalú ó iarmhairtí airgeadais ar bith. Lean an teaghlach ar aghaidh ag rá nach raibh a fhios acu rud ar bith faoi chleachtais mhargaíochta mhí-úsáideacha agus mhealltacha na cuideachta, agus mhaígh siad nach raibh a gcuid opióid andúileach agus go raibh na fíorbheagáin a bhain mí-úsáid as a gcuid drugaí ina andúiligh cheana féin ar dtús.

An glacadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghnóthaigh an leabhar ardmholadh. Thug an iris New York faoi deara go bhfuil Impireacht na Péine difriúil ó chlúdach eile ar ról Sackler sa ghéarchéim opióideach, ag rá go raibh an leabhar "principally a family history". Thug Zachary Siegel, agus é ag scríobh san iris The New Republic, go raibh an leabhar ina "important record of private greed facilitated by a corrupted government". Dúirt an Publishers Weekly gur thug an leabhar "damning review" ar rannpháirtíocht an teaghlaigh san eipidéim opióideach.

Bhuaigh an leabhar an Baillie Gifford Prize 2021 don neamhfhicsean agus an Goodreads Choice Award for History & Biography,[6] Bhí an leabhar, bhí sé ar an ngearrliosta do Financial Times and McKinsey Business Book of the Year Award 2021, agus ar an bhfadliosta don Andrew Carnegie Medal for Excellence in Nonfiction 2022.[7][8] Roghnaíodh é freisin don The Washington Post's "10 Best Books of 2021" list.The Washington Post's "10 Best Books of 2021" list.[9]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Joseph, Andrew . "A new book traces the roots of the opioid crisis through the secretive Sackler family". [1]}
  2. Kirkus Reviews."A definitive, damning, urgent tale of overweening avarice at tremendous cost to society." [2]
  3. Carreyrou, Adam . "Patrick Radden Keefe Lays Bare a Drug Crisis Fueled by Family Greed". The New York Times.[3]
  4. Green, Lloyd. "Empire of Pain review: the Sacklers, opioids and the sickening of America". The Guardian.[4]
  5. Keefe, Patrick Radden. "The Family That Built an Empire of Pain".[5]
  6. Goodreads. [6]
  7. Flood, Alison . "Baillie Gifford prize goes to 'controlled fury' of Empire of Pain". The Guardian.[7]
  8. The Bookseller. "Shortlist revealed for FT and McKinsey Business Book of the Year." [8]
  9. THE 10 BEST BOOKS OF 2021, The Washington Post.[9]