Idir an leac agus an losaid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is nath Gaeilge é Idir an leac agus an losaid a chiallaíonn teip ar uair na cinniúna.

Iompraítear taos aráin ón losaid go dtí an leac lena bhácáil. Má thiteann an taos ansin is féidir a rá gur theip ar an mbácáil ar uair na cinniúna.

Leac cloiche a d'úsáidtí chun an t-arán a bhácáil in uireasa gridill iarainn. B'é an t-arán coirce an t-arán ba choitianta a d'íostaí fadó in Éirinn, arán tanaí a d'ullmhaítí ar ghrideall gan gabháil, bainne nó sóid.

Bhíodh slí eile leis chun bácáil a dhéanamh gan leac ar thribhéid. Bhíodh leac cothrom mar chuid den tinteán freisin i roinnt tithe agus lastaí spóirseach tine air le speatháin aitinne. Nuair a bheadh go leor sméaróidí dearga ann scuabtaí iad agus an luaithreach ar leataobh agus chuirtí an taos air. Cuiridís clúdach sméaróidí air ina dhiaidh sin agus d'fhéadaidís an t-arán a bhácáil ar an tslí sin.

Leaganacha cosúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • idir long agus lamairne
  • idir an leac 's an míos I dtaobh muisiriúin a bheith á róstadh cois tine.