Dublin and Kingstown Railway
Sonraí | |
---|---|
Cineál | comhlacht iarnróid |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1831 |
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1925 1856 |
Rud nó duine a tháinig ina áit | Dublin and South Eastern Railway (en) Dublin, Wicklow and Wexford Railway (en) , Baineann le cuid: operation (en) |
Ba é an Iarnród Bhaile Átha Cliath & Bhaile an Rí (D&KR, Béarla: Dublin and Kingstown Railway) an chéad iarnród in Éirinn,[1] a osclaíodh go poiblí ar 17 Nollaig 1834.[2] Bhí an t-iarnród timpeall sé mhíle ar fad ó Rae an Iarthair i mBaile Átha Cliath go dtí Dún Laoghaire.[3]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thóg an t-innealtóir John Rennie (a rugadh in 1761) Cuan Dhún Laoghaire[4] idir 1817-1827.[5][6]
Sa bhliain 1830 thosaigh an t-iarnród Learpholl go dtí Manchain ag feidhmiú i Sasana. Bhí baint ag ceannaithe Bhaile Átha Cliath le gnó an dá chathair sin. D’fhostaigh James Pim (Junior), stocbhróicéir, an t-innealtóir sibhialta Alexander Nimmo ar a chostas féin, chun bealach a phleanáil chun an chathair a nascadh leis an gcalafort nua. Mar thoradh air sin cruthaíodh an chuideachta "Dublin and Kingstown Railway" in 1831.[5]
Osclaíodh an t-iarnród go poiblí ar 17 Nollaig 1834.[7][2] Bhí an foirceann thuaidh ag stáisiún ar a dtugtar Stáisiún na bPiarsach, Baile Átha Cliath.[8][9] Bhí an foirceann theas gar don ché thiar.[10]
De réir mar a mhéadaigh D&WR ó dheas, athainmníodh é an "Dublin, Wicklow and Wexford Railway" agus níos déanaí an "Dublin and South Eastern Railway", "Great Southern Railways" (GSR) i 1925 agus Córas Iompair Éireann i 1945..
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Kullmann, K (2018). "The First Irish Railway" (in en): clúdach cúil. Dublin: The History Press. ISBN 9780750987646. OCLC 1037272614.
- ↑ 2.0 2.1 Kullmann 2018:27
- ↑ Casserley, HC (1974). "Outline of Irish Railway History" (in en): 27–28. Newton Abbot: David & Charles. ISBN 0715363778. OCLC 249227042. OL 5094081M.
- ↑ "Dún Laoghaire Harbour" (as en) (2023-02-12). Wikipedia.
- ↑ 5.0 5.1 Murry, KA (1981). "Ireland's First Railway" (in en): 11–16. Dublin: IRRS. ISBN 0904078078. OCLC 25224606.
- ↑ "The history of Dun Laoghaire Harbour, construction and compromise" (en-IE). Engineers Ireland. Dáta rochtana: 2023-04-28.
- ↑ Kullmann 2018:33
- ↑ Kullmann 2018:35–36
- ↑ Tugadh ""Westland Row"" ar an stáisiún
- ↑ Kullmann 2018:36
Tuilleadh léitheoireachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Whishaw F (1842). "The Railways of Great Britain and Ireland — practically described and illustrated" [Iarnróid na Breataine Móire agus na hÉireann] (in en): 62–71. Londain: John Weal. OCLC 25224606. OL OL20464811M.