Iar-eagarthóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is iar-eagarthóireacht[1] ná an próiseas trína leasaíonn daoine aistriúchán meaisínghinte chun táirge deiridh inghlactha a bhaint amach. Tugtar iar-eagarthóir ar dhuine a dhéanann iar-eagarthóireacht. Tá coincheap na hiar-eagarthóireachta nasctha le coincheap na réamh-eagarthóireachta. Agus téacs á aistriú trí ríomhaistriúchán, is féidir na torthaí is fearr a bhaint amach trí réamheagarthóireacht a dhéanamh ar an mbuntéacs – mar shampla trí phrionsabail na teanga rialaithe a chur i bhfeidhm – agus ansin iar-eagarthóireacht a dhéanamh ar an ríomhaistriúchán. Ní hionann é agus eagarthóireacht, a thagraíonn don phróiseas feabhsúcháin a chuirtear i bhfeidhm ar théacs a chruthaigh duine (próiseas ar a dtugtar athbhreithniú go minic i réimse an aistriúcháin). Is féidir téacs a ndearnadh iar-eagarthóireacht air a athbhreithniú ina dhiaidh sin chun a chinntiú go ndéantar profléamh ar chaighdeán na roghanna teanga chun botúin shimplí a cheartú.

Is éard atá i gceist leis an iar-eagarthóireacht ná aschur ó ríomhaistriúchán a cheartú lena chinntiú go gcomhlíonann sé leibhéal cáilíochta a shocraítear roimh ré idir an cliant agus an t-iar-eagarthóir. Tá sé mar aidhm ag iar-eagarthóireacht éadrom an t-aschur a dhéanamh intuigthe. Tá sé mar aidhm ag iar-eagarthóireacht iomlán é a dhéanamh feiliúnach ó thaobh stíle de freisin. Le dul chun cinn sa ríomhaistriúchán, tá iar-eagarthóireacht iomlán ag teacht chun cinn mar mhalairt ar aistriúchán láimhe. Tacaíonn beagnach gach uirlis aistriúcháin ríomhchuidithe leis an iar-eagarthóireacht ó ríomhaistriúchán.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “iar-eagarthóireacht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-02-27.