Jump to content

Iaidíd airgid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachIaidíd airgid

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach233.80957 Da
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachAgI
SMILES canónta
Model 2D
[Ag]I
InChIModel 3D
Airí
Móimint leictreach dhépholach5.1 D
Pointe leáite552 °C
558 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe1,506 °C (a 101.325 kPa) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach5.1 D
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe−62.4 kJ/mol
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata

Comhdhúil neamhorgánach is ea iaidíd airgid leis an bhfoirmle AgI. Tá an chomhdhúil ina solad geal buí, ach is minic go mbíonn eisíontaisí d'airgead miotalach i samplaí a thugann dath liath di. Tarlaíonn an truailliú airgid toisc go bhfuil AgI an-fhótamhothálach. Baintear leas as an airí seo i ngrianghrafadóireacht airgid-bhunaithe. Úsáidtear iaidíd airgid freisin mar antaiseipteán agus i síolú scamall.

Braitheann struchtúr iaidíde airgid ar an teocht:[1]

  • Faoi 420 K, tá an β-phas d' AgI, leis an struchtúr vuirtsíte cobhsaí. Tugtar iadairgirít ar an chéim seo den mhianraí sa nádúr .
  • Os cionn 420 K, éiríonn an α-phas níos cobhsaí. Tá struchtúr na móitífe seo corp-lárnaithe ciúbach a bhfuil na hionaid airgid a dáilithe go randamach idir 6 láithreáin ochtaihéidreach, 12 teitrihéidreach agus 24 tríogánach.[2] Ag an teocht seo,  is féidir leis na hiain Ag+, bogadh go tapa tríd an soladach, ag ligean mear-ian sheoladh. Léiríonn an t-aistriú idir na foirmeacha β agus α leá na fothlaitíse airgid (caitian). Tá eantrópachta an chomhle i gcomhair α-AgI thart ar leath na heantrópachta den clóiríd sóidiam (soladach ianach tipiciúil). Is féidir é seo a réasúnú ag smaoineamh go bhfuil an laitís chriostalta AgI "leáite go pointe áirithe " cheana san aistriú idir na polamoirf α agus β.
  • Bíonn y-phas meiteachobhsaí  ann chomh maith faoi bhun 420 K leis an  struchtúr sincbhleinde.
  1. Binner, J. G. P. (2006). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (PDF). Journal of Thermal Analysis and Calorimetry 84 (2): 409–412. doi:10.1007/s10973-005-7154-1. 
  2. Hull, Stephen (2007). "Superionics: crystal structures and conduction processes". Rep. Prog. Phys. 67: 1233–1314. doi:10.1088/0034-4885/67/7/R05.