Údarás um Thoirchiú agus Shutheolaíocht Dhaonna
Sonraí | |
---|---|
Cineál | comhlacht neamhrannach poiblí |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1991 |
Rialachas corparáideach | |
Cuid de | Rialtas na Ríochta Aontaithe |
Suíomh gréasáin | https://www.hfea.gov.uk/ |
Is é an Údarás um Thoirchiú agus Shutheolaíocht Dhaonna[1] (i mBéarla, an Human Fertilisation and Embryology Authority nó HFEA) an rialtóir neamhspleách sa Ríocht Aontaithe maidir le cóireáil torthúlachta agus le taighde ina n-úsáidtear suthanna daonna, agus is é an chéad údarás dá chineál ar domhan.
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an aidhm atá ag an HFEA a chinntiú go bhfaighidh gach duine cúram d’ardchaighdeán, idir iad siúd a shiúlann isteach i gclinic torthúlachta agus iad siúd a thagann ar an tsaol de bharr cóireála.[2]
Déanann an HFEA é seo trí chlinicí torthúlachta a cheadúnú, a mhonatóiriú agus a scrúdú agus trí eolas atá saor, soiléir agus neamhchlaonta a chur ar fáil faoi chóireáil torthúlachta, clinicí agus deonú suthanna. Bailíonn siad fosta, sonraí faoi chóireáil torthúlachta. Tá luach mór leis an eolas seo ar a lán fáthanna lena n-áirítear an dóigh ar féidir le duine, a gineadh trí dheontóir, níos mó a fháil amach faoina bhunús géiniteach. Rialaíonn an HFEA clinicí agus tograí a bhfuil baint acu le taighde ar shuthanna daonna. Tá ceadúnú, iniúchtaí agus socrú caighdeán i gceist leis seo.[2]
Tá rialú tábhachtach mar cinntíonn sé go bhfuil an obair a dhéantar ar chaighdeán áirithe; nach féidir ach le daoine cáilithe í a dhéanamh; agus nach ndéantar taighde ar shuthanna ach nuair a bhíonn fíorghá ann agus ar dhóigh atá eiticiúil. Tugann an HFEA treoir do chlinicí agus d’ionaid taighde ar an dóigh lena gceanglais dlí a chomhlíonadh i gCód Cleachtais.[2]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 1 Samhain 1990, rith Parlaimint na Ríochta Aontaithe The Human Fertilisation and Embryology Act 1990; (Acht HFE)
le trí ghné d’atáirgeadh cuidithe a rialú:
– Cruthú, cúram agus úsáid suthanna daonna taobh amuigh de chorp na máthar;
– Bailiú, cúram agus úsáid speirme agus uibheacha daonna;
– Stóráil na ngaiméití agus na suthanna daonna seo.[3]
Rinneadh an tAcht a leasú in 2008 agus tá na pointí seo a leanas san áireamh ann anois:
• a chinntiú go bhfuil cruthú agus úsáid gach suth daonna taobh amuigh den chorp – is cuma cén próiseas a úsáidtear lena gcruthú – faoi réir rialacháin.
• cosc ar ghnéas páiste a roghnú ar chúiseanna sóisialta.
• aitheantas a bheith ag an bheirt pháirtithe i gcaidreamh comhghnéis mar thuismitheoirí dleathacha páistí a ghintear trí úsáid speirme, uibheacha nó suthanna a dheontar.
• a chur ar chumas daoine i gcaidrimh chomhghnéis agus lánúineacha neamhphósta cur isteach ar ordú a cheadófar go bpléifear leo mar thuismitheoirí linbh a rugadh trí úsáid máthair ionaid
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Human Fertilisation and Embryology Authority" (en). GOV.UK (2013-06-28). Dáta rochtana: 2024-08-10.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 ccea.org.uk (2015). "FORBAIRTÍ I mBITHEITIC". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Human Fertilisation and Embryology Act (1990) | Embryo Project Encyclopedia". embryo.asu.edu. Dáta rochtana: 2024-08-10.