Homer Simpson
![]() | |
Cineál | duine ficseanúil carachtar beochana carachtar teilifíse carachtar scannáin ![]() |
---|---|
Eapainm | Homer Groening ![]() |
Cruthaithe ag | Matt Groening ![]() |
Léirithe ag | Dan Castellaneta, Tonino Accolla, Massimo Lopez, Humberto Vélez, Philippe Peythieu, Norbert Gastell (en) ![]() ![]() |
Comhthéacs | |
I saothar | The Simpsons ![]() |
Cruinne | Cruinne The Simpsons ![]() |
Dáta | |
Inscne | fireann ![]() |
Slí bheatha | inspector (en) ![]() ![]() |
Meáchan | 240 lb ![]() |
Riocht leighis | Alóipéice, ionfharchtadh miócairdiach, alcólachas agus gortú trámach inchinne ![]() |
Náisiúntacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá ![]() |
Cónaithe | Springfield ![]() |
Breith | Springfield ![]() ![]() |
Muintir | |
Muintir | Simpson family (en) ![]() ![]() |
Céile | Marge Simpson ![]() |
Máthair | Mona Simpson ![]() |
Athair | Abe Simpson ![]() |
Leanaí | Bart Simpson, Lisa Simpson, Maggie Simpson agus Hugo Simpson ![]() |
Siblíní | Herbert Powell agus Abbie Simpson ![]() |
Daoine muinteartha | Patty Bouvier agus Selma Bouvier ![]() |
Eile | |
Comhionann | kwyjibo (en) ![]() ![]() |
Is é Homer Jay Simpson ceann de na príomhcharachtair sa tsraith theilifíse bheoite cáiliúil The Simpsons. Tá sé guthaithe ag Dan Castellaneta. Baineann sé le saol teaghlaigh Mheiriceánaigh a bhfuil cónaí orthu i Springfield, baile sna Stáit Aontaithe.
Rugadh agus tógadh Homer i mbaile Springfield, áit a bhfuil cónaí air fós in éineacht lena bhean Marge agus a dtriúr páistí, Bart, Lisa agus Maggie. Is mac le hAbe agus Mona Simpson é Homer. Tá leasdeartháir aige darb ainm Herb agus leasdeirfiúr chomh maith, an toradh ar chaidreamh idir a athair is bean Sasanach a casadh ar Abe agus é ar stáisiún i Sasana le linn an Dara Cogadh Domhanda. Níl sé soiléir cén aois é Homer, ach de réir cosúlachta, rugadh sa mbliain 1956 é.
Oibríonn sé mar chigire sábháilteachta i gCumhachtstáisiún Núicléach Springfield. Ach caitheann sé an chuid is mó dá chuid ama ina chodladh nó ag ithe taoschnónna. Taobh amuigh den obair caitheann sé go leor ama i dteach tábhairne Moe. San áit sin, is maith le Homer cúpla pionta Duff a chaitheamh siar in éineacht lena chairde, Barney Gumble, Lenny agus Carl.
Tá cuma áirithe ar na carachtair – tá craiceann buí orthu agus súile móra acu agus ceithre mhéar ar a lámha. Tá go leor tréithe diúltacha ag baint le Homer chomh maith. Léirítear é mar fhear gáirsiúil, gan mórán oideachais, a itheann agus a ólann an iomarca. Tá sé maol, ramhar, amaideach, leisciúil agus mí-fhoighdeach. Tá achar airde an-ghearr aige chomh maith a chomhlánaíonn an paisean a bhíonn aige do caitheamh aimsire éagsúla. Ach, amanna, éiríonn le Homer an taobh is fearr dá phearsantacht a thaispeáint – is féidir leis a bheith solúbtha, cumasach agus díograiseach.
Is fear céile agus athair carthanach é Homer agus sna blianta ó taispeánadh The Simpsons ar dtús tá pearsantacht Homer tar éis fás agus is carachtair cáiliúil é anois agus réalta den chultúr Meiriceánach.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() | Is síol a bhaineann leis The Simpsons é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |