An Hitis
| 𒌷𒉌𒅆𒇷 | |
|---|---|
| Eapainm | Hitigh |
| Cineál | teanga mharbh agus teanga anallód |
| Úsáid | |
| Dúchasach do | Impireacht na Hiteach |
| Stáit | Impireacht na Hiteach |
| Aicmiú teangeolaíoch | |
| teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Anatólacha | |
| Tréithe | |
| Córas scríbhneoireachta | script dhingchruthach Hiteach agus script dhingchruthach |
| Staidéar ag | Hittitology (en) |
| Leibhéal leochaileachta | 6 díobhaí |
| Cóid | |
| ISO 639-2 | hit |
| ISO 639-3 | hit |
| Glottolog | hitt1242 |
| IETF | hit |
Seanteanga Ind-Eorpach a bhí sa Hitis a bhí á labhairt san Anatóil (i dTuirc an lae inniu) ón 19ú haois RC go dtí an 11ú haois RC. Dealraíonn sé, áfach gur mhair iarsmaí éigin den Hitis i mbéal na ndaoine ina dhiaidh sin ar feadh cúpla céad bliain ar fad. Tháinig deireadh leis an scríbhneoireacht dhingchruthach timpeall na bliana 1100 RC, nuair a d'imigh impireacht na Hiteach de dhroim an tsaoil.
Is í an Hitis an ceann is sine de na teangacha Ind-Eorpacha a d'fhág iarsmaí scríofa ina ndiaidh, agus í chomh seanársa is go síleann cuid de na saineolaithe nach teanga Ind-Eorpach í i gciall chúng an téarma, ach gur chóir téarma nua a cheapadh leis an réamhtheanga ársa a shainaithint as ar fáisceadh an Ind-Eorpais agus an Hitis araon. Is fearr leis an gcuid ba mhó de na teangeolaithe, áfach, an Hitis a aicmiú mar cheann de na teangacha Ind-Eorpacha.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |