Jump to content

Heicseahidreacannaibionól (HHC)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí DrugaHeicseahidreacannaibionól (HHC)
Sonraí cliniciúla
Grúpa cógaseolaíochtacannabinoids (en) Aistrigh
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha
FoirmleC21H32O2
Mais mhóilíneach316.240230264 Da
Aitheantóirí
Uimhir CAS6692-85-9
PubChem (SID)522237
ChemSpider13178711

Tá an druga heicseahidreacannaibionól (HHC)[1] an-chosúil le teitrihidreacannaibionól (THC), an t-ábhar gníomhach atá i gcannabas.

Is féidir síocóis agus mearú eile intinne teacht ar dhaoine a ionghabhann HHC. Mar bharr ar an donas, is minic a úsáideann daoine HHC i dteannta drugaí eile, cannabas ina measc.[2]

an HHC le fáil i milseáin agus i ngairis vápála

HHC in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go bhfuil cosc dlíthiúil ar HHC in Éirinn, tá sé le fáil i milseáin agus i ngairis vápála a dháiltear agus a dhíoltar in Éirinn. Le linn 2024, tháinig méadú an-suntasach ar an líon daoine in Éirinn a bhí ag fulaingt le handúil sa druga seo (úsáideoirí HHC ba ea 20% de na daoine a d'iarr fóirithint ar sheirbhísí andúile na tíre in 2024).

Faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Substaintí Sícighníomhacha) 2010, is féidir an dlí a chur ar dhaoine a dhíolann HHC. Le linn 2024, bhí na síciatraithe ag achainí ar an Rialtas an dlí sin a chur i bhfeidhm ina iomlán gan a thuilleadh moille. D'iarr Coláiste Síciatraithe na hÉireann ar an Rialtas beart a dhéanamh de réir an dlí agus cosc a chur go honnghníomhach ar dhruga leathshaorga a bhfuil ábhar cannabais ann.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, hexahydrocannabinol
  2. 1 2 Nuacht RTÉ (2024-09-17). "Síciatraithe ag éileamh cosc a chur go honnghníomhach ar HHC" (as ga).