Harry S. New

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHarry S. New

(1923) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Nollaig 1858
Indianapolis, Indiana Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Bealtaine 1937
78 bliana d'aois
Baltimore, Maryland, Maryland Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Crown Hill Cuir in eagar ar Wikidata
48 Ard-Mháistir Poist na Stát Aontaithe
4 Márta 1923 – 3 Márta 1929
← Hubert WorkWalter Folger Brown →
Seanadóir na Stát Aontaithe
4 Márta 1921 – 4 Márta 1923 – Samuel M. Ralston →

Toghcheantar: Indiana Class 1 senate seat (en) Aistrigh

Seanadóir na Stát Aontaithe
4 Márta 1919 – 4 Márta 1921

Toghcheantar: Indiana Class 1 senate seat (en) Aistrigh

Seanadóir na Stát Aontaithe
4 Márta 1917 – 4 Márta 1919
← John W. Kern

Toghcheantar: Indiana Class 1 senate seat (en) Aistrigh

Ball de Sheanad Stáit Indiana
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chríostaí (Disciplíní Chríost)
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Butler Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, iriseoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
CoinbhleachtCogadh Spáinn-Mheiriceánach
Teaghlach
CéileCatherine McLaen Brown New (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 8161 Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir agus iriseoir Meiriceánach ab ea Harry Stewart New (31 Nollaig 1858 – 9 Bealtaine 1937). Throid sé sa gcogadh Spáinn-Mheiriceánach in 1898, agus ba é Ard-Mháistir Poist na Stát Aontaithe ó 1923 go 1929.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Harry Stewart New in Indianapolis, Indiana ar an 31 Nollaig 1858, mac le John C. New agus Melissa (Beeler) New. Bhí a athair ina Chisteoir ar na Stáit Aontaithe agus bhí a uncail, Jeptha D. New, ina ionadaí i dTeach na nIonadaithe. D’fhreastail sé ar Ollscoil Butler sular ghlac sé post leis an Indianapolis Journal, áit a raibh sé ina thuairisceoir, ina eagarthóir, agus ina fhoilsitheoir ó 1878 go 1903. Bhí sé ina sheanadóir i Seanad Stáit Indiana ó 1896 go 1900, agus throid sé sa Chogadh Spáinn-Mheiriceánach mar chaptaen agus mar leasghinearál cúnta ar an 7ú Cór Airm. Bhí sé ina bhall den Choiste Náisiúnta Poblachtach ó 1900 go 1912, agus ina chathaoirleach ó 1907 go 1908. Níos déanaí ina shaol, d'oibrigh sé sa tionscal cairéalachta agus sa tionscal foirgníochta.

D’fhill New ar an bpolaitíocht nuair a toghadh chun Sheanad na Stát Aontaithe é in 1916. Sa bhliain 1922, ba é an chéad seanadóir a bhain leas as an raidió i bhfeachtas toghchánaíochta.[1] Ba stáisiún de chuid Cabhlach na Stát Aontaithe, NOF in Washington, DC, a chraol a óráid, rud a tharraing gearán ó na Daonlathaithe faoi stáisiún rialtais a úsáid ar bhealach claonpháirteach. Mar thoradh air seo, cuireadh cosc ar ghníomhaíochta polaitíochta ar an stáisiún.[2] Chaill New an toghchán in 1922, ach cheap an tUachtarán Warren G. Harding é mar Ard-Mháistir an Phoist in 1923, agus athcheap Calvin Coolidge é in 1925.

Fuair sé bás in Baltimore, Maryland ar an 9 Bealtaine 1937, agus cuireadh i Reilig Crown Hill in Indianapolis é.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Will Campaign by Radio". Lexington KY Herald, 30 March 1922, p. 1
  2. "Denby Bars Political Speeches From All Naval Radio Stations", New York Tribune, April 9, 1922, page 9.