Hargeisa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Hargeisa

Is é Hargeisa príomhchathair Chríoch Shomáile agus an chathair is mó sa tír. Cathair intíre é atá suite breis is 4,000 troigh os cionn leibhéal na mara. Tá timpeall is 1.2 milliún duine ina gcónaí ann.

Bhí Hargeisa ina phríomhchathair ar Shomáile na Breataine ó d'aistrigh na Briotanaigh an rialtas as Berbera ar an gcósta go Hargeisa sa bhliain 1941 go dtí deireadh na coilíneachta Briotanaí sa bhliain 1960 nuair a rinneadh cuid de Phoblacht na Somáile an iar-choilíneacht Bhriotanach. D'fhan sí sa tSomáil go dtí an bhliain 1991. Faoin am sin bhí cúrsaí chomh holc sin sa tSomáil mar gheall ar an gcogadh cathartha sin acu, gur fhógair an iar-choilíneacht Bhriotanach a neamhspleáchas agus Hargeisa mar phríomhchathair na tíre. Tá idir ord agus rath ar an gcríoch ó shin. Cé nach n-aithnítear tír ar bith an neamhspleáchas tá caidreamh trádálach oifigiúil nó neamhoifigiúil ann a chuirtear i bhfeidhm de ghnáth in Hargeisa.