An tAeón Háidéach
Cuma
(Athsheolta ó Háidéach)
Is é an tAeón Háidéach an chéad aeón geolaíoch as na ceithre aeón i stair an domhain, ó thart ar 4.6 billiún bliain ó shin, nuair a foirmíodh an domhan féin,[1][2] go dtí 4.031 billiún bliain ó shin, agus tús an aeóin Aircéigh. Tharla an t-imbhualadh idirphláinéadach a chruthaigh an Ghealach go luath san aeón seo. Tagann an t-ainm ó Háidéas, dia an domhain thíos i miotaseolaíocht na Gréige.
Tá carraigeacha Háidéacha an-annamh ar fad; is siorcóin ghráinneacha ó áit amháin in Iarthar na hAstráile an chuid is mó acu.[3] Níl geolaithe ar aon intinn maidir le samhlacha geoifisiceacha an aeóin Háidéigh; d'fhéadfadh sé gur thosaigh teicteonaic phlátaí le linn an aeóin, ach tá an scéal fós conspóideach.[4][5][6]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Dalrymple (2001). "The age of the Earth in the twentieth century: a problem (mostly) solved". Geological Society, London, Special Publications 190 (1): 205–221. doi: . Bibcode: 2001GSLSP.190..205D. Dáta rochtana: 2022-10-02.
- ↑ “Age of the Earth”. U.S. Geological Survey (1997). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 December 2005. Dáta rochtana: 2022-10-03.
- ↑ Korenaga (2021). "Was There Land on the Early Earth?". Life 11 (11). doi: . PMID 34833018. Bibcode: 2021Life...11.1142K.
- ↑ Dhuime (2012). "A change in the geodynamics of continental growth 3 billion years ago". Science 335 (6074): 1334–1336. doi:PMID 22422979. Bibcode: 2012Sci...335.1334D. .
- ↑ Harrison (2009). "The Hadean crust: evidence from> 4 Ga zircons". Annual Review of Earth and Planetary Sciences 37 (1): 479–505. doi:Bibcode: 2009AREPS..37..479H. .
- ↑ Windley (2021). "Onset of plate tectonics by the Eoarchean". Precambrian Res 352. doi:Bibcode: 2021PreR..35205980W. .