Gustaf Adolf
Bhí Gustav II Adolf (Gustaf Adolf Mór, Gustavus Adolphus Magnus nó fiú Leon an Tuaiscirt); 9 Nollaig, 1594 – 6 Samhain, 1632, ina Rí ar an tSualainn ón bhliain 1611 go dtí a bháis. Rugadh é i Stócolm agus ba mhac le Séarlas IX de mhuintir Vasa agus Christina de mhuintir Holstein-Gottorp é.
Ghlac sé páirt thábhachtach sa Chogadh Tríocha Bliain. Phós sé Maria Eleonora, iníon le Toghthóir Brandenburg agus na Prúise Eoin Sigismund, agus roghnaigh sé cathair Elbing sa Phrúis (inniu, Elbląg sa Pholainn) do cheanncheathrú a airm sa Ghearmáin. Fuair sé bás i gCath Lützen sa Ghearmáin ar an 6 Samhain, 1632.
I rith a réimise, bhunaigh Gustav Adolf cathair Göteborg, chomh maith le bailte eile. Freisin, bhunaigh sé Ollscoil Tartu i dTartu, an Eastóin, nó ba chuid de Ríocht na Sualainne í an Eastóin san am.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin tSualainn é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |