Greamú stáit
Is cineál éillithe shistéamach pholaitiúil é greamú stáit[1] ina mbíonn tionchar suntasach ag páirtithe príobháideacha ar phróisis chinnteoireachta stáit ar mhaithe leo féin.
Bhain an Banc Domhanda úsáid as an téarma den chéad uair, timpeall na bliana 2000, chun cur síos a dhéanamh ar chúrsaí i dtíortha áirithe san Áise Láir a bhí ag iarraidh a ngeilleagar a athrú ó Chumannachas Sóivéadach go geilleagar margaidh. Go sonrach, cuireadh an téarma i bhfeidhm ar chásanna inar bhain grúpaí beaga éillitheacha úsáid as a dtionchar ar oifigigh rialtais chun seilbh a ghlacadh ar chinnteoireacht an rialtais agus, sa chaoi sin, a stádas eacnamaíoch féin a neartú; thabharfaí “olagarcaí” ar bhaill na ngrúpaí seo níos déanaí.
Líomhaintí faoi ghreamú stáit ba chúis le hagóidí i gcoinne an rialtais sa Bhulgáir in 2013-2014 agus in 2020–2021, agus sa Rómáin in 2017,[2] agus líomhaintí dá leithéid ba chúis leis na conspóidí leanúnacha san Afraic Theas a thosaigh sa bhliain 2016.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““greamú stáit” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-10.
- ↑ "Romanian Democracy at Grave Danger". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-10. Dáta rochtana: 2022-06-15.