Gramadach de chuid Gaeilge na hAlban
Tá gramadach de chuid Gaeilge na hAlban agus Gaeilge na hÉireann níos cosúla lena chéile ná na teangacha Ceilteacha eile. Is teanga infhillte í Gaeilge na hAlban, cosúil le Gaeilge na hÉireann.
Gramadach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá roinnt rudaí suntasacha i ngramadach Ghaeilge na hAlban:
- Tá ord na bhfocal mar atá sa Ghaeilge in Éirinn: Briathar-Ainmní-Cuspóir; níl an t-ord sin i mórán de theangacha an domhain.
- Forainmneacha Réamhfhoclacha: Cuireann an Ghaeilge forainmneacha agus an chuid is mó de réamhfhocla le chéile i bhfoirmeacha cumtha, mar agam, agad, ris (dó).
- Níl briathar amháin sa Ghaeilge a chiallaíonn rud a bheidh agat (en = have, it = avere, fr = avoir, sp = tener). Ina áit sin, deirtear go bhfuil rud ag duine.
- tha taigh agam
- an cat aig Iain
- Forainmneacha béime: déantar idirdhealú idir gnáthfhorainmneacha, mar mi agus thu, agus na cinn béime, mise and thusa, srl., a chuireann duine amháin i gcéill seachas duine eile.
- Mar shampla:
- tha i bòidheach — tá sí go hálainn;
- tha ise bòidheach — tá sise go hálainn (seachas aon duine eile).
Feictear béim ghramadaí i gcásanna eile freisin:
- an taigh aicese — a tigh siúd;
- chuirinnse — chuirfinnse;
- na mo bheachd-sa — i mo thuairimse.
- "Tá agus is": Tugann tha le fios gné éigin atá ag ainm nó ag forainm, ach is gnách is le hainm nó forainm a chur in iúl. (Is féidir 'is' a úsáid le cur síos nó gné a chur i gcéill ar ainm nó ar fhorainm, ach go ginearálta ní húsáidtear é mar seo ach i bhfoirmeacha ársa, m.sh., "Is beag an t-iongnadh":
- tha mise sgìth — tá mé tuirseach;
- is mise Eòghan.
- Is féidir, ámh, feidhm a bhaint as tha le rá gur rud áirithe atá i rud eile trí thréith a dhéanamh de:
- tha mi nam Albannach — Tá mé i m’Albanach.
- Is e Albannach a th'annam — Is Albanach atá ionam.
- Déantar réimniú ar bhriathra chun an aimsir,[1] an modh, agus an fhaí ghramadaí (gníomhach, céasta) a chur in iúl.
An tAlt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá níos mó ná alt deimhnitheach amháin sa Ghaeilge, ach níl aon alt neamh-dheimhnitheach ann:
- an taigh — an teach;
- taigh — teach (a house).
Braitheann foirm an ailt (deimhnithigh) ar uimhir, inscne, chás agus chéadlitir an ainm.
(i). Le hainmneacha firinscneacha, ainmneacha, san uimhir uatha, úsáid an, am, agus an t-
- an cat (agus le hainmneacha nach séimhítear);
- am balach (le hainmneacha a thosaíonn le consain liopa);
- an t-òran (ainmneacha a thosaíonn le gutaí).
(ii). Nuair ar féidir túschonsan an ainm a shéimhiú, baintear feidhm as (a') in dhá chás:
- a' chaileag (baininscneach san ainmneach agus sa tabharthach)
- leis a' bhalach (firinscneach sa tabharthach agus sa ghinideach)
(iii). Sa bhaininscneach, ginideach, uimhir uatha, na agus na h- a úsáidtear:
- na mara
- na h-Albann
(iv). Leis an iolra (ainmneach agus tabharthach), tá rudaí níos éasca. Is gnách na mar alt, ach na h- a bhíonn againn má thosaíonn an t-ainm le guta:
- na cait;
- na h-àireamhan — na huimhreacha.
(v). Braitheann foirm an ghinidigh iolra (nan nó nam) de réir mar a thosaíonn an t-ainm le labial nó a mhalairt:
- nan cat — na gcat;
- nam balach — na mbuachall.
Difríochtaí idir Gaeilge agus Gaeilge na hAlban
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Gaeilge na hAlban cosúil le Gaeilge, ach ní thuigfeadh formhór na gcainteoirí i dtír amháin mórán de chanúintí na tíre eile. Níl cuid de chanúintí Dhún na nGall chomh fada sin ó Ghaeilge na hAlban, mar a fheictear san abairt seo:
- Gaeilge na hAlban — Ciamar a tha thu?
- Gaeilge Uladh — Caidé mar a tá tú?
- Gaeilge Chonnacht — Cén chaoi a bhfuil tú?
- Gaeilge na Mumhan — Conas tánn tú?; Conas taoi?
- Gaeilge — Conas atá tú?
Tá roinnt difríochtaí tábhachtacha, ámh. An rud a fheictear láithreach, ná go scríobhtar an síneadh fada mar ghraif (`) in Albain, seachas agúid (´) in Éirinn. Scríobhtar an focal fáilte mar fàilte i nGaeilge na hAlban. In Albain, is é chan eil an (neg participle) san áit atá níl (giorrúchán de ní fhuil) in Éirinn an lae inniu, m.sh. (ceadaítear cha/chan in Éirinn fós, ach níl sé in úsáid ach in áiteanna i dTír Chonaill):
- Gaeilge na hAlban — Chan eil airgead agam (sean-Ghaeilge nichon fhuil airccet accam).
- Gaeilge — Níl aon airgead agam (sean-Ghaeilge ní fhuil airccet accam).
Tá "a" i roinnt focla i nGaeilge, acu "u" i nGaeilge na hAlban, m.sh, an focal Béarla agus Beurla faoi seach. Tarlaíonn seo mar gheall ar an gcaighdeánú agus ar an athrú litrithe a chuir rialtas na hÉireann ar bun sa 20ú Aois.
Gaeilge | Gaeilge na hAlban |
---|---|
Gael | Gaidheal |
lá | latha, là |
oíche | oidhche |
isteach | a-steach |
scoil | sgoil |
páiste | pàisde |
údarás | ùghdarras |
oifig | oifis |
oscailte (U. fascailte) | fosgailte |
bliain | bliadhain |
raidió | rèidio |
rialtas | riaghaltas |
parlaimint | pàrlamaid |
oileán | eilean |
caint | bruidhinn |
slaghdán | cnatan |
bóthar, ród | rathad |
aire, ministéir | ministear |
i, in, ann | an, ann |
- * Ar nós Gaeltacht na hÉireann
- ** I nGaeilge na hAlban, ciallíonn sé seo an Bhriotáin.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ is iad na haimsirí simplí ná caite, fáistineach, agus foshuiteach; is iad na haimsirí cumtha ná an láithreach leanúnach, an caite leanúnach agus an fáistineach leanúnach