Graiféin
Fionnachtaí nó aireagóir | Andre Geim agus Konstantin Novoselov |
---|---|
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh | 2004 |
Airí | |
Pointe leáite | 4,510 K |
Is ábhar í graiféin a chruthaítear as adaimh carbóin, atá eagraithe i struchtú heicseagánach (cosúil le cíor mheala); is ábhar déthoiseach í, agus níl de thiús ach aon adamh amháin aici (tuairim is 0.34 nm). Díorthaítear an t-ainm ó "graifít" agus an iarmhír -éin, rud a léiríonn an fhíric go bhfuil naisc dhúbailte iomadúla san allatróp graifíte carbóin.
Tá gach adamh i leathán graiféine ceangailte lena trí chomharsa is gaire ag σ-naisc agus π-nasc dílogánaithe, rud a chuireann le fiúsnasc a shíneann thar an leathán iomlán. Is é seo an cineál céanna nascadh a fheictear i nainfheadáin charbóin agus hidreacarbóin aramatacha ilfháinneacha, agus (go páirteach) i bhfullairéiní agus i gcarbón gloiní. Tá an fiúsbhanda i dteagmháil leis an bhanda seolta, rud a fhágann go bhfuil graiféin ina leathmhiotal le hairíonna leictreonacha neamhghnácha is fearr a ndéantar cur síos orthu trí theoiricí le haghaidh cáithníní coibhneasaíocha gan mhais. Léiríonn iompróirí luchtaithe i ngraiféin spleáchas fuinnimh líneach, seachas cearnach, ar mhóiminteam, agus is féidir trasraitheoirí le ghraiféin a dhéanamh a thaispeánann seoladh dépholach. Tá iompar luchta i ngraiféin balaistíoch thar achair fhada; taispeánann an t-ábhar ascalúcháin chandamacha móra agus diamaighnéadas mór agus neamhlíneach. Seolann graiféin teas agus leictreachas go han-éifeachtach ar feadh a phlána,. Ionsúnn an t-ábhar solas go láidir ar gach tonnfhad infheicthe,[1][2] is cúis leis dhath dubh na graifíte, ach tá leathán graiféine amháin beagnach trédhearcach mar gheall ar a chaoile as cuimse. Go micreascópach, is í an ghraiféin an t-ábhar is láidre a tomhaiseadh riamh.[3][4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; no text was provided for refs namednair2008
- ↑ 2.0 2.1 Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; no text was provided for refs namedzhu2014
- ↑ Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; no text was provided for refs namedlee2008
- ↑ Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; no text was provided for refs namedcao2020