Gofraid Mac Meic Arailt
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 haois Oileán Mhanann |
Bás | 1095 (Féilire Ghréagóra) Ìle |
Siocair bháis | Plá |
Áit adhlactha | Í Chaluim Chille |
Monarc | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rialtóir |
Teaghlach | |
Teaghlach | Crovan dynasty (en) agus Uí Íomhair |
Páiste | Óláfr Guðrøðarson, Lǫgmaðr Guðrøðarson, Harald Godredsson |
Athair | Harald le Noir agus Ímar mac Arailt |
Ba rialtóir Gall-Ghaelach é Gofraid Mac Meic Arailt nó Gofraid Méranech (Béarla: Godred Crovan)[1] ar Bhaile Átha Cliath, agus bhí sé ina Rí Inse Ghall agus Mhanann freisin, sa dara leath den 11ú haois. Féadfaidh go gciallaíonn an buafhocal 'Crovan' "lámh bhán" (Meán-Ghaeilge:crobh bhan).
Sinsearacht agus luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug fógra báis in Annála Tigernach Gofraid mac meic Araltdó mar ainm ar an Rí. Mar thoradh air sin, tá sé molta gur mac, nó nia é Gofraid, don rí Gall-Ghaelachan Ímar mac Arailt (nó Ivar Haraldsson) a bhí i mbun Baile Átha Cliath sna blianta ó 1038 go dtí 1046, agus go raibh sé ina nia don Rí Sitric (Sigtrygg Silkbeard) agus ina gharmhac do Amlaíb Mac Sitric nó Amlaib Cuarán (Óláfr Sigtryggsson). Tugann Annála Mhanann (Laidin: Chronica Regum Manniæ et Insularum) le fios gur tháinig sé slán ó Chath Dhroichead Stamford sa bhliain 1066 agus gur theith sé in éineacht le Godred Sigtryggsson, a bhí ag an am sin ina Rí Inse Ghall agus Mhanann.
Tá taifid sna hAnnála Éireannacha go raibh Gofraid faoi ghéillsine Rí Bhaile Átha Cliath, Murchad Mac Diarmata.
Fuair Godred Sigtryggsson agus Murchad araon bás sa bhliain 1070, agus chuaigh riail Oileán Mhanann ar aghaidh chuig Fingal mac Godred.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Seán Duffy, ‘Godred Crovan (d. 1095)’, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, 2004