Idirdhealú dearfach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Gníomhaíocht dhearfach)

Is éard is idirdhealú dearfach ann ná polasaithe a chuirtear i bhfeidhm i dtíortha éagsúla ar mhaithe le grúpaí mionlaigh, imeallaithe, nó daoine faoi mhíbhuntáiste.[1][2][3][4][5] Go stairiúil agus go hidirnáisiúnta, tugtar tacaíocht don idirdhealú dearfach toisc go gcreidtear go gcabhraíonn sé le grúpaí imeallaithe cothrom na Féinne a bhaint amach i gcúrsaí fostaíochta agus oideachais, go gcuireann sé éagsúlacht chun cinn, agus go dtugann sé buntáistí do bhaill de na grúpaí seo mar chúiteamh ar éagóracha a bhí déanta orthu.

Faightear polasaithe difriúla ó áit go háit. I dtíortha áirithe, baintear úsáid as cuótaí chun céatadán áirithe de phostanna státseirbhíse, ceapacháin pholaitíochta, agus folúntais scoile a choinneáil do bhaill de ghrúpaí imeallaithe. Is é seo an polasaí san India, mar shampla, faoin chóras áirithinte.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “idirdhealú dearfach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-17.
  2. Jarrett, Tim (24 Deireadh Fómhair 2011). “The Equality Act 2010 and positive action”. UK Parliament. Dáta rochtana: 31 Márta 2023.
  3. Jenkins (2017-08-08). “Affirmative action around the world” (en-US). The Conversation. Dáta rochtana: 2024-02-20.
  4. Reservation Is About Adequate Representation, Not Poverty Eradication”. The Wire. Dáta rochtana: 2024-02-20.
  5. UNESCO IIEP (2021). “Flexible learning pathways in Finnish higher education”. UNESCO. Dáta rochtana: 2024-02-20.