Glúine ríomhairí
Cuma
De réir mar a d'fhorbair is a d'fheabhsaigh an teicneolaíocht sna ríomhairí digiteacha thar am, roinntear an stair i nglúine. Sanntar meaisíní luatha na 1940idí-1950idí, tógtha le feadáin fholúsacha theirmianacha, don chéad ghlúin. Sa dara glúin, cuireadh trasraitheoirí scoite in ionad na bhfeadán. Sa 4ú glúin, tháinig ciorcaid iomlánaithe in ionad na dtrasraitheoirí scoite. Sa 4ú glúin, tógadh na ríomhairí le ciorcaid iomlánaithe ar ollscála (VLSI). Anois, i ríomhairí den 5ú glúin, tá airíonna cosúil le hintleacht shaorga acu ionas gur féidir, mar shampla, cumarsáid a dhéanamh leo i dteanga nádúrtha.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Glúine ríomhairí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 324.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |