Gluaiseacht Frithbheartaíochta na nGiúdach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaGluaiseacht Frithbheartaíochta na nGiúdach
Sonraí
Cineálparaimíleatach Cuir in eagar ar Wikidata

Bunaíodh Gluaiseacht Frithbheartaíochta na nGiúdach nó an GFG (Jewish Resistance MovementThe Hebrew Mary Movement, nó as Eabhrais: תנועת המרי העברי, Tnu'at HaMeri HaIvri) i mí Dheireadh Fómhair, 1945. D'éirigh an feachtas armtha in aghaidh riail na Breataine sa Phalaistín níos géire timpeall an ama seo.

Scátheagraíocht ab ea an GFG, an eite pholaitiúil de chuid an Irgun, Palmach, Lehi agus Haganah, na haonaid armtha (nó sceimhlitheoirí).

Fuair 93 bás nuair a leag an Irgun buama in Óstán Rí Daithí in Iarúsailéim ar 22 Iúil 1946. Chuir an t-ionsaí uafás ar an bpobal agus díscaoileadh an GFG go gairid i ndiaidh na heachtra. Tháinig deireadh leis an GFG i mí Iúil / Lúnasa 1946.[1] Ach leanadh den sceimlitheoireacht agus den chogaíocht.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "תנועת המרי העברי" (as he) (2022-06-10). ויקיפדיה.