Glóir don Athair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Docseolaíocht, nó iomann molta gearr le Dia (i liotúirgí áirithe na Críostaíochta) is ea Glóir don Athair (Laidin: Gloria Patri). Tugtar "an Mhiondocseolaíocht" (Doxologia Minor) air chomh maith, chun idirdhealú a dhéanamh idir an iomann sin agus an "Mhórdocseolaíocht", Glóir do Dhia sna harda.

An leagan seo a leanas ná an leagan is minicí inniu sna heaglaisí Caitliceacha Rómhánacha agus Anglacánacha:

Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spioraid Naomh,
Mar a bhí ar dtús, mar atá anois, agus mar a bheas/bheidh go brách: trí shaol na saol/le saol na saol. Áiméan.