Gilbert Baker

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Gilbert Baker
Gilbert Baker during SF Pride 2012 (hi-res).jpg
Dáta breithe 2 Meitheamh 1951
  Chanute, Kansas, SAM
Dáta báis 31 Márta 2017 (65 bliana d'aois) [1][2]
  Nua-Eabhrac, Nua-Eabhrac, SAM
Gairm Gníomhaí LADT
Iomráiteach do Ag dearadh an bhratach tuar ceatha

Ba é Gilbert Baker ealaíontóir Meiriceánach, gníomhaí cearta LADT, agus cumadóir is dearthóir na brataí tuar ceatha.

Rugadh é ar 2 Meitheamh 1951, i Chanute, Kansas. D'fhás sé suas i Parsons, Kansas, nuair bhí siopa éadaí ban leis a sheanmháthair. Bhí a athair ina breitheamh agus a mháthair ina mhúinteoir.

Chruthaigh sé an bhratach tuar ceatha i dteach comhchoiteann i 1978 agus ag obair ag Comhlacht Paramount Flag i San Francisco. Bhog Baker chuig Nua-Eabhrac, áit a mbeadh sé ina chónaí don chuid eile dá shaol, ag déanamh obair chruthaitheach agus gníomhaíochta do chearta LADT.

Bratach tuar ceatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

An lá atá inniu ann, is é an leagan shé-dath an bhratach tear ceatha is coitianta. Ó bhunús bhí dhá straidhpeanna breise (bándeirge agus turcaide) ag leagan an bhrataí ó 1978.[3] Bhain iad as an bhratach ar chúiseanna praiticiúla. Siombalaíonn na dathanna ar an bhratach tuar ceatha éagsúlacht an phobail LADT. An bhratach ó bhunús mar leanas:

An lá atá inniu ann, is é an leagan shé-dath an bhratach tear ceatha is coitianta. Ó bhunús bhí dhá straidhpeanna breise (bándeirge agus turcaide) ag leagan an bhrataí ó 1978. Bhain iad as an bhratach ar chúiseanna praiticiúla.
Bándearg te Gnéas
Dearg Saol
Oráiste Leigheas
Buí Solas gréine
Glas Nádúr
Turcaid Ealaíon
Indeagó Comhtheacht
Corcairghorm Spiorad

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]