Gerda Stevenson
(2012) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 10 Aibreán 1956 69 bliana d'aois Na Pùballan, Scotland |
| Teanga dhúchais | Béarla |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | aisteoir |
| Fostóir | BBC |
| Teangacha | Béarla agus an Albainis |
| Teaghlach | |
| Céile | Aonghas MacNeacail |
| Suíomh gréasáin | gerdastevenson.co.uk |
Is aisteoir,stiúrthóir agus scríbhneoir Albanach í Gerda Stevenson. Chuir The Scotsman síos uirthi i 1999 mar “an t-aisteoir is fearr in Albain” (Béarla:"Scotland's finest actress" ). Bhí go leor páirteanna aici san amharclann, lena n-áirítear an phríomhpháirt in aistriúchán Béarla a rinne Edwin Morgan ar Phèdre agus Lady Macbeth. (Chum Jean Racine an tragóid drámata Phèdre i véarsaíocht shiollach alexandrine). Bhí Gerda le feiceáil i go leor drámaí teilifíse. Ba í máthair Murron MacClannough í sa scannán Braveheart de chuid Mel Gibson, agus tá aithne ag éisteoirí raidió na Breataine Móire ar a guth, mar léitheoir gearrscéalta agus oiriúnuithe. Go háirithe, léirigh sí roinnt dánta agus amhrán le Robert Burns don BBC.[1]
Tá sí pósta ag an fhile Ghaeilge Aonghas Dubh MacNeacail.