Gerald Fiebig
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1973 50/51 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Scríbhneoir Gearmánach agus ceoltóir trialach atá in Gerald Fiebig, a rugadh sa bhliain 1973.
Tharraing sé aird air féin mar fhile ar dtús, agus ar feadh sé bliana bhí sé ina príomheagarthóir ar an iris liteartha "Rift".
Tháinig dánta leis amach ar mhórán irisí agus duanairí (ar nós Der Grosse Conrady: Leabhar na Filíochta Gearmánaí óna tús go dtí an t-am atá anois ann). Sa bhliain 2004 ghnóthaigh sé Duais Liteartha Chathair Augsburg as a shaothar.
Mar cheoltóir tá Fiebig ina scríbhneoir amhrán agus ina bhall den bhanna "house" Jesus Jackson & die Grenzlandreiter, agus ina bhall den lucht cumtha ceoil trialaigh.
Tá Gerald Fiebig ina chónaí in Augsburg agus tá sé pósta leis an bpéintéir Christine Klink.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]- kriechstrom, dánta (1996)
- erinnerungen an die 90er jahre, dánta (2002)
- normalzeit, dánta (2002)
- Soundtracks, Erzählung (2003) (Reihe “Schöner Lesen,” Nr. 17)
- zweistromland (i gcomhar le Ibrahim Kaya, dán fada (2004)