Gang Liu

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGang Liu
Beathaisnéis
Breith30 Eanáir 1961
63 bliana d'aois
Liaoyuan, Daon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Phéicing
Ollscoil Nua-Eabhrac
Ollscoil Columbia
Ollscoil Eolaíochta agus Teicneolaíochta na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreMatamaitic
Gairmpolaiteoir, fisiceoir, eolaí ríomhaireachta, gníomhaí ar son chearta an duine, matamaiticeoir, airgeadaí, fisiceoir teoiriciúil Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Institiúid Ard-Léinn Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1989Sléacht i gCearnóg Tiananmen Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairLiu Guichun

Suíomh gréasáinjasmine-action.blogspot.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: LiuGang8964 Cuir in eagar ar Wikidata

Matamaiticeoir, fisiceoir, gníomhaí ar son an daonlathais, agus innealtóir Síneach-Mheiriceánach a saolaíodh in Liaoyuan, Cúige Jilin, sa tSín is ea Gang Liu (Pinyin:Gāng Liú, Sínis shimplithe: 刘刚; r. 30 Eanáir 1961).[1][2]

Glacadh isteach é i roinn na fisice in Ollscoil Bhéising i bpríomhchathair na Síne sa bhliain 1982 agus ní ba dhéanaí bronnadh máistir eolaíochta sa radharceolaíocht air. Sa bhliain 1989 bhí sé ar dhuine de na ceannairí, in éineacht le Wang Dan agus Wuerkaixi, i ngluaiseacht dhaonlathais na mac léinn sa tSín. I ndiaidh na hagóidí sin a chur faoi chois, chuir rialtas na Síne é sa tríú háit ar liosta na ndaoine ba mhó ar iarraidh. Gabhadh é agus gearradh 6 bliana príosúnachta air.

Agus é saor sa bhliain 1996, níorbh fhada go raibh sé i bponc arís ar chúiseanna polaitiúla ach d'éirigh leis éalú go dtí an Iarthar. Bronnadh céim mháistir sa ríomheolaíocht air in Ollscoil Columbia i Nua-Eabhrac. Chaith sé tamall ag Bell Labs in Murray Hill, New Jersey freisin, sa Roinn Taighde ar Mhatamaitic Líonraí agus Córas, ag obair ar dearadh agus pleanáil líonraí radharceolaíochta, srl. D'oibrigh Liu Gang ina dhiaidh sin do Morgan Stanley i gCathair Nua-Eabhrac mar anailísí IT.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Liu Gang" (English). American Association for the Advancement of Science. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Meitheamh 2013. Dáta rochtana: 11 Meitheamh 2015.
  2. http://nypost.com/2011/08/07/torment-of-tiananmen/ New York Post, 2011. Dáta rochtana: 11 Meitheamh 2015