GYATT Rizzler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Béarlagair idirlín is ea GYATT Rizzler a tháinig chun cinn sna 2020idí. Le Glúin Z a bhaineann sé go príomha. Is ionann GYATT agus tóin (mhealltach) duine agus ciallaíonn Rizzler cliúsaí cumasach, ón bhfocal Béarla charisma a thagann sé. Luaitear é, Skibidi Leithreas agus Fanamtax le chéile go minic, mar iarracht béarlagar tiubh dothuigthe a chruthú, go háirithe le nach dtuigfidh an té ar an taobh amuigh a bhfuil a rá. Cuid den jóc ná go gcarntar na nuafhocail éagsúla seo anuas ar a chéile le meascán mearaí dlúth a chruthú.