Frithghníomhuithe fuilaistrithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarFrithghníomhuithe fuilaistrithe
Cineáléifeacht dhíobhálach Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighistransfusion medicine (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Cóireáilblood safety (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10T80 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
eMedicine206885 Cuir in eagar ar Wikidata
Deontóir fola

I míochaineleigheas, is éard is frithghníomhaithe fuilaistrithe ann ná freagairt gan choinne san othar atá bainteach le fuilaistriú fola nó comhábhar fola. Chun go n-íoslaghdófaí an baol nó an contúirt a bhaineann le fuilaistriú, moltar gan an chóir leighis a thabhairt ach de réir mar is gá.

Cineálacha frithghníomhaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Frithghníomhuithe Géara Fuilaistrithe (FGF)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar na frithghníomhuithe géara tá:

Frithghníomhuithe Haemalaíocha Géara Fuilaistrithe (FHGF)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an sainmhíniú ar FHGF, frithghníomhuithe a tharlaíonn taobh istigh de 24 uair a chloig i ndiaidh fuilaistriú agus gnéithe cliniceacha agus/nó saotharlainne den haemalú i láthair (Grúpa Oibre ISBT Capetown, 2006).

Ar na cúiseanna leis an haemalú géar tá neamh-chomhoiriúnacht ABO, neamh-chomhoiriúntacht antaigine eile e.g. Rh D, Kell nó tosca neamh-dhíonacha ar nós tuaslagáin hipeartonacha/hipeatonacha nó táirgí míochaine a meascadh leis an gcomhábhar fola.

Úsáideann an tAontas Eorpach an córas rangaithe seo a leanas:

  • Haemalú imdhíonachta ag éirí as neamh-chomhoiriúnachr ABO
  • Haemalú imdhíonachta ag éirí as alla-antasubstaint eile-Géar
  • Haemalú neamh-imdhíonach

Frithghníomhuithe Neamh-haemalaíocha Fiabhrasacha Fuilaistrithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Frithghníomhuithe Ailléirgeacha & Anaifiolachtacha Géara Fuilaistrithe (FAAGF)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tarlaíonn Anaifiolachtacht/Hipiríogaireacht le hothar a réamhíograíodh le haillérigin agus a athnochtar don antaigin airithe sin arís. Tá beagán othar ann a bhfuil dian-easpa IgA orthu agus a fhorbraíonn antasubstaintí do IgA. D'fhéadfadh dian-anaifiolachtacht a bheith ar roinnt de na hothair sin má nochtar le IgA iad trí fhuilaistriú (McClelland, 2001)

Frithghníomhuithe Neamh-Ghéara Fuilaistrithe (FNGF)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Frithghníomhuithe Haemalaíocha Moillithe Fuilaistrithe (FHMF)[cuir in eagar | athraigh foinse]

An sainmhíniú ar FHMF, gur fianaise atá ann ar ghnéithe cliniceacha nó saotharlainne an haemalaithe a tharlaíonn breis agus 24 uair fichead agus suas le 38 lá i ndiaidh le fianaise shéireolaíoch an antasubstaintí. (Buíon Oibre ISBT, Capetown, 2006)

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]