Fráma scannáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Píosa de scannán 16mm atá comhdhéanta de seicheamh frámaí

Séard is fráma scannáin (film frame i mBéarla) ann ná grianghraf aonarach a thógtar mar chuid de scannán. Scairtear na frámaí indibhidiúla óna chéile le línte frámaí.

Ráta Frámaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teilgtear scannáin ag ráta 24 fráma in aghaidh an tsoicind. Tugtar an ráta frámaí air seo. I gcás físeáin, bíonn ráta frámaí de 24, 25 nó 30 fráma in aghaidh an tsoicind in úsáid. Braitheann an figiúr seo ar an gcaighdeán craolacháin físeáin atá in úsáid.