Forainm

Is éard atá i gceist le forainm ná focal a úsáidtear in ionad ainmfhocail (ainm duine de ghnáth) in abairt e.g. sé, sí, siad. Uaireanta úsáideann daoine na forainmneacha siad/iad agus iad féin á gcur in aithne do dhaoine eile ionas go mbraithfidh daoine trasinscneacha agus neamh-dhénártha páirteach sa chomhrá, m.sh. ‘Ciara is ainm dom. Úsáidim na forainmneacha sí/í’.[1]
Dar le foireann foclóireachta Fhoras na Gaeilge, tá an nós forainmneacha iolra a úsáid in abairtí nach bhfuil soiléir an fear nó bean atá i gceist ag teacht i gcúrsaíocht sa Ghaeilge. Dá réir sin, agus ós rud é go bhfuil sé sin níos slachtmhaire ná coinbhinsiúin eile úsáidtear sna cásanna seo m.sh. leaganacha baineann agus fireann araon a liostáil, is é sin an nós a tharraing lucht an Fhoclóra Nua Gaeilge chucu féin.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ INTO (2022). "Pride". Dáta rochtana: 2023.[nasc briste go buan]
- ↑ Maitiú Ó Coimín (28 Deireadh Fómhair 2025). "An chéad fhéachaint ar an bhFoclóir Gaeilge-Gaeilge ag Oireachtas na Samhna". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-07.
| Is síol faoi teangeolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |