Flustra foliacea
Cuma
| Tacsanomaíocht | |
|---|---|
| For-ríocht | Holozoa |
| Ríocht | Animalia |
| Fíleam | Bryozoa |
| Aicme | Gymnolaemata |
| Ord | Cheilostomata |
| Fine | Flustridae |
| Géineas | Flustra |
| Speiceas | Flustra foliacea Linnaeus, 1758 |
Is speiceas bríosón é Flustra foliacea a fhaightear san Aigéan Atlantach Thuaidh. Tugtar teanga chait air i nGaeilge. Is ainmhí coilíneach é agus ceaptar go minic gur cineál feamainne é. Tosaíonn coilíneacht mar mhata screamhaithe, agus táirgeann siad froinn tar éis an chéad bhliain ag fás. Féadfaidh siad a bheith suas le 20cm ar fad, agus tá boladh líomóide uathu. Scrúdaigh Robert Hooke a struchtúr micreascópach, rud a léirigh sé ina shaothar Micrographia in 1665.