Fiseolaíocht daonna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le fiseolaíocht daonna ná staidéar ar na feidhmeanna do chorp an duine.

Príomh-chórais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Córas úiríneach
Córas forchlúidach

Bia, díleá agus an corpchórais[cuir in eagar | athraigh foinse]

bia ar cheann de na bunriachtanais dhaonna agus cuireann an córas díleách ar chumas an choirp é a thiontú go foirm níos oiriúnaí le húsáid. Cuireann na córais análaithe agus imshruthaithe ar chumas na hocsaigine agus an bhia dhíleáite a iompraítear timpeall an choirp fuinneamh agus ábhair fáis a sholáthar san áit a mbíonn gá leo. Tugtar fuíolltáirgí as an gcorp trí eisfhearadh (tógtar bia neamhdhíleáite as an gcorp trí eisligean)

An córas cnámharlaigh agus matánach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é ár gcnámharlach, atá déanta de os cionn dhá chéad cnámh, a chruthaíonn cruth bunúsach ár gcorp. Cuireann an cnámharlach tacú agus cosaint ar fáil don chorp agus cuireann leagan amach na gcnámh, maraon leis na ballnaisc agus na matáin a bhaineann leo, ghluaiseacht san áireamh. Cuireann ár gcéadfaí ar ár gcumas a bheith feasach ar ár ngarthimpeallacht agus freagairt di. Buanaítear an speiceas daonna trí phróiseas atáirgthe ghnéasaigh. Forbraíonn an córas atáirgthe go haibíocht le linn ógántachta, agus tá rólanna difriúla ag fireannaigh agus baineannaigh in atáirgeadh. Faigheann leanaí mórán saintréithe le hoidhreacht óna gcuid tuismitheoirí.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]