Feitis Toirchis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bean Torrach

Is comhthéacs é feitis toirchis (ar a dtugtar maiesiafiliamaieusafóiria fosta) ina bhfeiceann daoine ar leith nó cultúir toircheas mar fheiniméan earótach.[1] D’fhéadfadh go mbeadh tarraingt ghnéasach do mhná atá ag iompar clainne nó atá an chuma orthu go bhfuil siad ag iompar clainne, tarraingt ar lachtadh, nó tarraingt ar chéimeanna áirithe den toircheas cosúil le toirchiú nó breith linbh bainte leis.[2]

Saintréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl eilimint ar bith ar leith nó is mó tóir air laistigh de maiesiafilia atá coitianta d'achan maiesiafiliach. D'fhéadfaidh cuid acu dul sa tóir arfantaisíaocht a bhaineann le cásanna inar féidir le duine leanbh a thabhairt ar an saol, nó le cásanna ina bhféadfadh an t-ábhar atá ag iompar clainne gníomhú de réir an chás, cosúil leis an dóigh a théinn siad i ngleic le soghluaisteacht, codladh agus gléasadh. D’fhéadfadh go mbeadh baill agus próisis áirithe sa chorp an athraíonn le linn toirchis mar fhócas d’infheistíocht shíceolaíoch fosta, ach cha bhíonn nochtacht nó gníomhaíochtaí ghnéasacha riachtanach i gcónaí, agus i gcásanna áirithe ní gá fíor thoircheas a bheith ann le griogadh a ghuigh. Sna cásanna seo, d’fhéadfadh gur leor an chuma go bhfuil an bolg méadaithe de bharr murtall nó rólongadh, nó go díreach bluirín d'imleacán atá ag gobadh amach.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir cuma nocht an aisteora Demi Moore agus a toirchis beagnach i gcrích ar chlúdach na hirise Vanity Fair i 1991 tús le tréimhse a tchítear toircheas ó dhaoine cáiliúla mar staid mhaireachtála ghalánta, agus ag cruthú margadh do ghrianghrafadóirí chun íomhánna de mháithreacha torracha a tháirgeadh ag an am céanna0, agus do stíleálaithe faisin "stíliú toirchis" a thabhairt isteach ina ngnó.[3]

Tá ag éirí go maith le toircheas mar ábhar atá an-tóir air i saol na pornagrafaíochta idirlín, áit a bhí ardú tobann ar chuardaigh fá choinne ‘porn toirchis’ ar Pornhub i 2017, méadú 20% ar an chuardach ó 2014.[4]

Is iad griogadh nó sásamh ón fhéidearthacht, na hiarmhairtí ó nó an riosca de thoirchiú trí ghnéis faighne gan chosaint na comharthaí atá bainte le fantaisíocht toirchiú Is minic a chleachtar fantaisíochtaí toirchiú le litríocht earótach agus rólimirt le céile.

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Inge Hegeler, Sten Hegeler (1963). An ABZ of Love. University of California. p 94.
  2. Longhurst (2006). "A Pornography of Birth: Crossing Moral Boundaries". ACME: An International E-Journal for Critical Geographies 5 (2). Dáta rochtana: 6 December 2007.  Curtha i gcartlann 2007-07-02 ar an Wayback Machine
  3. Associated Press (26 April 2006). "Celebrities make pregnancy seem glamorous". MSNBC.com. Retrieved 18 April 2008.
  4. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-04-07. Dáta rochtana: 2020-08-31.
  • Katharine Gates (1999). Deviant Desires: Incredibly Strange Sex. . Juno Books . ISBN 1-890451-03-7 ISBN   1-890451-03-7 . (lch.   96)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]