Faoin mBlaoisc Bheag Sin
| Cineál | saothar liteartha |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | Louis de Paor |
| Foilseachán | 1991 |
| Eagarthóir | Louis de Paor |
| Foilsitheoir | Coiscéim |
| Tréith | |
| Seánra | díolaim |
| Líon na leathanach | 378 |
Sa leabhar Faoin mBlaoisc Bheag Sin le Louis de Paor déantar mionanailís ar scéalta Mháirtín Uí Chadhain, ar an gceangal idir a theicníocht scéalaíochta agus an stiúir aigneolaíochta atá ar an bprós nua-aimseartha i gcoitinne. Léirítear bua Uí Chadhain maidir lena bhfuil ar siúl laistigh agus lasmuigh de cheantar na bhfocal in aigne an duine a fhoilsiú i bhfoirm scéalaíochta. Leantar an mórathrú a tháinig ar a stíl de réir mar a bhí a léargas ar aigne an duine ag fairsingiú ó réadúlacht bhorb na luathscéalta tuaithe go dtí an t-aor nimhneach ar chás an duine stoite i saol gan bhrí sna scéalta cathrach. Ag deireadh na hanailíse féachtar le saothar Uí Chadhain a shuíomh ina chomhthéacs comhaimseartha agus breithiúnas dá réir a thabhairt ar a chuid scéalta.
Tagairt is ea teideal an leabhair do ráiteas de chuid an Chadhnaigh ón bpaimfléad Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |