Faoi Rothaí na Gréine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is éard is Faoi Rothaí na Gréine ná bailiuchán amhrán a bhailigh Máirtín Ó Cadhain agus a ndearna Ríonach Uí Ógáin eagarthóireacht air. Is Coiscéim a d'fhoilsigh sa bhliain 1999. Seacht n-amhrán déag is trí scór a bailíodh sna fichidí agus sna tríochaidí i nGaeltacht Chonamara atá i gceist. Stór mór amhrán atá ann, agus tá idir amhráin a mhaireann i mbéal an phobail agus amhráin eile a bhí ligthe i ndearmad san iarthar féin ann. Tá grianghraif de mhuintir agus de thírdhreach Chonamara sa leabhar.